Is flúiteadóir mé agus, faoi láthair, táim ag foghlaim na bpíb uileann. Is breá liom bheith ag freastal ar sheisiúin, ar fhéiltí agus ar cheolchoirmeacha fud fad na tíre. Thig agallaimh a rinne mé leis na ceoltóirí ar bhuail mé leo ag na hócáídí seo a chloisteáil ar chlár s’agam ‘Coirnéal na gCeoltóirí’. Agus ó am go ham cloisfidh sibh taifid a rinne mé ar cheol na seisiún agus ar cheol na gceoltóirí aonaracha. Bím i gcónaí sa tóir ar cheoil nua. Mar sin de, más ceoltóir tú, clasaicach nó traidisiúnta, tá fáilte romhat taifead a sheoladh chugham agus b’fhéidir go seinnfidh mé ar mo chlár é!
Traditional and classical music are the focus of this programme which also features interviews with musicians and live recordings of sessions. You may even hear a couple of tunes from myself on the flute!