Toghchán Westminster 2015

Sean-sleamhnán

Tá na 18 suíochán i dtoghchán Westminster sna Sé Chontae líonta. Is iad na haontachtóirí an DUP (8 suíochán) agus an UUP (2 shuíochán) na buaiteoirí móra sa toghchán seo. D’éirigh leis an SDLP an trí shuíochán a bhí acu cheana a choinneáil. Bhain Sinn Féin 4 shuíochán sa toghchán seo ach chaill siad a suíochán i bhFear Manach/Deisceart Thír Eoghain le bearna 530 vóta. Is é an t-iarrthóir don UUP Tom Elliot a ghlac an suíochán seo ó Michelle Gildernew (Sinn Féin). Chaill Páirtí an Chomhaontais (Alliance) an t-aon suíochán amháin a bhí acu in Oirthear Bhéal Feirste do iarrthóir an DUP Gavin Robinson.

Tháinig an UUP, an DUP le chéile le comhaontú toghchánaíochta a dhéanamh i roinnt toghcheantar. I dtoghceantar Fhear Manach/Dheisceart Thír Eoghain chuir siad an t-iarrthóir Tom Elliot (23,608 vóta) chun tosaigh agus d’éirigh leis an suíochan a bhaint le 530 vóta agus iad san iomaíocht le Michelle Gildernew (23078 vóta) de chuid Sinn Féin agus John Coyle ón SDLP nach bhfuair ach 2372 vóta. Seo an t-aon toghcheantar amháin nár chuir An Páirtí Coiméadach iarrthóir chun tosaigh ann rud a cáineadh go láidir.

Bhí comhaontú toghchánaíochta déanta ag an UUP agus an DUP le chéile in Oirthear Bhéal Feirste, ceantar láidir aontachtach agus in Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha, ceantar láidir náisiúnach. D’éirigh lena n-iarrthóir comhaontaithe, Gavin Robinson, an suíochán a sciobadh ón aon Bhall Parlaiminte amháin a bhí ag Páirtí an Chomhaontais, Naoimi Long a bhain geit as an lucht tuair i 2010 nuair a ghlac sí an suíochán ó cheannaire an DUP Peter Robinson. Níor éirigh leis an chomhaontú toghchánaíochta in Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha áfach. D’éirigh le Sinn Féin an suíochán seo a choinneáil.

Idir an dá linn is iad na Coiméadaigh na buaiteoirí móra i Sasana le 326 suíochán go dtí seo (+23). Tá 230 suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre go dtí seo. Chaill na Liberal Democrats 47 suíochán go dtí seo níl acu ach 8 suíochán anois i baprlaimint Westminster. In Albain d’éirigh le Páirtí Náisiúnach na hAlban 56 suíochán a bhaint sin 50 suíochán sa bhreis ar an mhéid a bhí acu sa toghchán deireanach. Tá ceannaire Páirtí an Lucht Oibre – Ed Milliband i ndiaidh éirí as mar cheannaire ar an Pháirtí.

UASDÁTÚ: Sa Bhreatain Bheag bhain Páirtí an Lucht Oibre 25 (-1) suíochán. Bhain na Coiméadaigh 11  suíochán (+3). Bhain Plaid Cymru 3 shuíochán (+0) agus bhain na Liberal Democrats 1 shuíochán (-2).

UASDÁTÚ: Tá tromlach anois faighte ag an Pháirtí Coiméadach i dtoghchán Westminster.

UASDÁTÚ: Tá Nick Clegg (Liberal Domocrats), Ed Milliband (Páirtí an Lucht Oibre), Nigel Farage (UKIP) i ndiaidh éirí as mar cheannairí ar a gcuid páirtithe.

 

Seo na torthaí ina n-iomláine:

DUP – 8 Suíochán (+0)

Sinn Féin – 4 Suíochán (-1)

UUP – 2 Suíochán (+2)

SDLP – 3 Suíochán (+0)

Neamhspleách – 1 Suíochán (+0)

Alliance – 0 Suíochán (-1)

 

Iarthar Bhéal Feirste – Paul Maskey (Sinn Féin)

Oirthear Bhéal Feirste – Gavin Robinson (DUP)

Deisceart Bhéal Feirste – Alasdair McDonnell (SDLP)

Tuaisceart Bhéal Feirste – Nigel Dodds (DUP)

Aontroim Thoir – Sammy Wilson (DUP)

Doire Thoir – Gregory Campbell (DUP)

Fear Manach/Deisceart Thír Eoghain – Tom Elliot (DUP)

Feabhail – Mark Durkan (SDLP)

Gleann an Lagáin – Jeffrey Donaldson (DUP)

Lár-Uladh – Francie Molloy (Sinn Féin)

Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha – Mickey Brady (Sinn Féin)

Aontroim Thuaidh – Ian Paisley Jnr. (DUP)

An Dún Thuaidh – Silvia Hermon (Neamhspleách)

Deisceart Aontroma – Danny Kinahan (UUP)

Deisceart an Dúin – Magaret Ritchie (SDLP)

Loch Cuain – Jim Shannon (DUP)

Banna Uachtarach – David Simpson (DUP)

Iarthar Thír Eoghain – Pat Doherty (Sinn Féin)

 

 

 

Le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive