Lá Domhanda Raidió

Sean-sleamhnán

Bhí ceiliúradh den scoth ag Raidió Fáílte ar an ócáid stairiúil seo a tharla Dé hAoine, an 13ú Feabhra, in oifigí an stáisiúin ar bhóthar na bhFál.  Chuir Carál Ní Chuilín, an t-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta tús leis an ócáid agus thug caint spreagúil os comhair breis agus 100 aoí.  Ina measc bhí os cionn 60 dalta óna scoileanna máguaird agus ionadaithe óna heagraíochtaí éagsúla Gaelacha.  Tráthnóna, chuir Rónán Mac Aodha Bhuí a chlár ‘Rónán Beo’ i láthair i stiúideó Raidó Fáílte.  Comhchraoladh a bhí sa chlár agus bhí Raidió Fáilte, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Near FM páirteach sa chraoladh stairiúil seo.

‘Daoine óga agus an Raidió’ an téama a bhí ann don lá agus ba léir gur bhain na daoine óga – idir daltaí meánscoile agus micléinn ollscoile- an-sult as an chomóradh.  Bhí deis acu am a chaitheamh sa stiúideó agus triail a bhaint as an trealamh a úsáidtear le dul i mbun craolta. Tá muid ag súil leis na daltaí a mhealladh ar ais chuig Raidió Fáílte agus tabhairt faoi chlár a chur i láthair – gan móran moille!

Ba mhaith le Raidió Fáílte a bhuíochas a ghabháil le Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, NearFM agus gach duineLa Domhanda Raidió Na Micléínn (2) a ghlac páirt sa lá iontach seo.

UNESCO World Radio Day was celebrated very successfully in the offices of Raidió Fáilte, the Belfast based Irish language radio station. The Minister of Culture Arts and Leisure, Carál Ní Chuilín, opened the day with a speech to almost 100 guests in the Raidio Fáilte offices including 60 senior students from the local schools and representatives of the Irish language and community organistaions.  In the afternoon a large group of Irish speakers were present for the a broadcast of the popular ‘Ronan Beo’ program which is normally broadcast on the national Irish language radio station Raidió na Gaeltachta. Presenters from Raidió Fáilte, Raidió na Lífe and Raidió Fáilte were in the studio for the joint broadcast, the first time ever that Ireland’s three Irish language stations made a joint broadcast. Overall the event sparked great interest and excitement amongst the large group who attended the event.  Thanks to all those involved especially Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life and Near FM as well as all those who took part in the day.  Go dtí an céad uair eile!


 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive