Grianghraif | Seachtain i Raidió Fáilte

Sean-sleamhnán

Grianghraif | Seachtain i Raidió Fáilte

23 Márta – 27 Márta 2015

Bhí seachtain mhór mhaith againn an tseachtain seo i Raidió Fáilte agus muid i mbun taifeadta agus cruinnithe ó cheann ceann na seachtaine. Más maith libh fáil amach cad é a bhíonn ar siúl i stáisiún raidió pobail Gaeilge – tabhair spléachadh ar na grianghraif seo thíos:

IMG_2547

Ar an 25 Márta, bhuail scaifte de dhaltaí as Coláiste an Eachraidh i nGaillimh isteach chugainn agus rinne siad seó den scoth linn ar Raidió Fáilte. In éineacht leo bhí a múinteoirí Pádraig Ó Baoill agus Emma. Sa phictiúr seo tá Caoimhín, Gráinne, Éimear, Holly, Micheál, agus Muireann. Bhí Gráinne agus Éimear i mbun láithrithe agus sheinn Muireann Ní Bhaoill agus Holly Nic an Róibín píosaí ceoil dúinn.

IMG_2566Bhí foireann Líofa istigh ag craoladh cláir speisialta faoin obair a bhíonn ar bun acu. Le feiceáil sa phictiúir seo tá Darren agus Dane atá ag obair ag cur na Gaeilge chun cinn le Líofa i láthair na huaire.

Cruinniu Straiteiseach

 

 

Ar an Déardaoin ghlac muid páirt i gcruinniú straitéiseach do Raidió Fáilte  don trí bhliana atá amach romhainn. Cruinniú dearfach a bhí ann inár phléigh muid i measc rudaí eile, bealaí a dtig linn dul i mbun feachtais le limistéir chraolacháin níos leithne a bhaint amach chomh maith le Líonra Uladh agus an sainfhoirgneamh a bheidh á thógáil ag Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

Aodhan agus Eoin

 

 

 

Beirt chraoltóirí le Raidió Fáilte a ghlac páirt i scéim traenála Raidió Fáilte i gcómhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Tá siad ag déanamh taifeadta ar cheoltóir óg gaelach, Seosamh Toman, as an Lorgain i gContae Ard Mhacha a rinne aistriúchán ar amhrán de chuid The Kings of Leon.

Mairin agus Gearoid

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Craoltóir Raidió Fáilte Máirín Hurndall ag labhairt le Gearóid Ó Muilleoir ón nuachtán Seachtain faoi scéalta na seachtaine seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive