Gearóid Ó Cairealláín: Craoltóir na Míosa

Sean-sleamhnán

Gearóid Ó Cairealláin Craoltóir na Míosa  leis an Fhoireann 2

Tá Gearóid ag craoladh le Raidió Feirste le fada an lá.  Bhí baint nach beag aige, sna 1980í, le bunú an chéad stáisiúin raidió Gaeilge  i mBéal Feirste – stáisiún a bhí lonnaithe san Ardscoil ag bun Bhóthar na bhFál. I 2006, an bhliain chéanna a fuair Raidió Fáilte an ceadúnas, bhí an mí-ádh ar Ghearóid agus bhuail droch-stróc é.  In ainneoin sin, uair amháin a bhí Gearóid in ann chuige, thosaigh sé ar ais ag craoladh le Raidió Fáílte.

Bíonn daoine fud fad na cruinne ag éisteacht le chlár Gearóid – Beo go Deo – a chraoltar gach Aoine idir 3 agus 4 a chlog san iarnóin.  Mar is eol dá chuid éisteoirí tá paisean ar leith ag Gearóid don Ard Rí, Elvis Presley, agus is saineolaí é ar chuile ghné de shaol an cheoltóra seo.

Ba mhaith le Raidió Fáilte buíochas a ghabháil le Gearóid as teacht isteach gach seachtain, gan teip, le craoladh beo a dhéanamh. Tá Craoltóir na Míosa tuillte faoi dhó aige agus tá súil ag Raidió Fáilte go mbaineann sé sult as an dearbhán don Cheathrú Póilí a bronnadh air.  Comhgairdeachas, a Ghearóid!

 

Gearóid has been presenting his programme ‘Beo go Deo’ without fail every week from the first days of the existence of Raidió Fáilte.  This is a live broadcast and it features the music of Elvis Presley.  Anyone who listens to this programme will know that he is an expert in all things Elvis!  His nomination as Craoltóir na Míosa is well-deserved and in recognition of his dedication Gearóid was presented with a voucher for An Ceathrú Póilí.  Comhgairdeachas, a Ghearóid!

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive