Gearóid Mac Giolla Fhinnéin: Déardaoin ag a 4

Sean-sleamhnán

Is oibrí deonach mé ar Raidió Fáilte le bliain anuas. Rinne mé an dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta leis an Raidió tamall ó shin agus bhain mé an-sult agus tairbhe as an traenáil seo.  Is breá liom bheith ag obair go deonach mar chraoltóir.  Tá cuid mhór clár déanta agam ó thosaigh mé agus mothaím go bhfuil mé ag dul ó neart go neart.

Tá an clár dírithe ar dhaoine óga agus tá na seinnliostaí a bhíonn agam ar an chlár bunaithe ar an phopcheolGearóid Mac Giolla Fhinnéin (2). Is staisiúin raidió pobail é Raidió Fáilte agus déanaim mo dhícheall nasc a chothú leis an phobal.  Ar an chlár cuirim agallaimh ar dhaoine óga agus orthu súid a bhíonn ag plé le daoine óga.  Tugann an clár eolas agus léargas ar shaol na n-óige.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive