Éist le Craoladh Beo ó Sheoladh Sheachtain na Gaeilge sa Chultúrlann

Sean-sleamhnán

Ocáid Stairiúil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich – Seoladh Sheachtain na Gaeilge i mBéal Feirste

Tharla ocáid stairiúil ar an Satharn 28 Feabhra nuair a seoladh Seachtain na Gaeilge don chéad uair riamh ó Bhéal Feirste. Is i lárionad Gaeilge Bhéal Feirste ar Bhóthar na bhFál, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a tharla an seoladh agus is é a bhí ina cheiliúradh ar chultúr agus ar theanga na nGael. Beidh imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre le linn Seachtain na Gaeilge a tharlaíonn thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig gach bliain. Cé go dtugtar Seachtain na Gaeilge ar an cheiliúradh ba chruinne Mí na Gaeilge a thabhairt air óir beidh imeachtaí ar siúl le linn mhí Mhárta ar fad. Rinne Raidió Fáilte craoladh ar an ocáid stairiúil seo agus an bheirt chraoltóirí óga Edel Ní Churraoin agus Somhairle Mag Uidhir i láthair ann. Gheobhaidh tú idir cheol agus agallamh beo sa chlár iontach seo bainigí sult as.

Pic Seoladh Sheachtain na Gaeilge

Seo thíos clár iomlán d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i gCúige Uladh

Imeachtai SnaG 2015_ULADH

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive