Ceardlann i Scileanna Iriseoireachta

Sean-sleamhnán

_MG_2479-EditDé hAoine 19 Meitheamh 2015 @2:00pm

Cainteoirí:

Dónall Mac Murchaidh – Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte

Shane Ó Curraighín – Meon Eile/Below the Radar

Eoghan Ó Néill – Raidió Fáilte

Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil ceardlainne i scileanna iriseoireachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Is iad na cainteoirí a bheidh ann ag an Cheardlann ná Eoghan Ó Néill agus Shane Ó Curraighín.

Eoghan Ó Néill

As Béal Feirste ó dhúchas Eoghan Ó Néill, is é a bhunaigh an nuachtán náisiúnta Gaeilge laethúil Lá Nua agus is iar-eagarthóir é ar an nuachtán céanna. Is comhbhunaitheoir Raidió Fáilte agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich é. I 2009 bhunaigh sé an chéad seirbhís Nuachta cuimsitheach Gaeilge ar líne Nuacht24 agus is iar-chraoltóir leis an BBC é. Sa bhliain 2010 bronnadh gradam Iriseoir na Bliana air ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tá cláracha teifíse agus raidió léirithe agus láithrithe aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió Uladh, TG4 agus BBC.  Tá sé anois ag obair mar cheann foirne ar an Roinn Nuachta agus Cúrsaí Reatha i Raidió Fáilte 107.1FM, Béal Feirste.

Shane Ó Curraighín – Meon Eile/Below the Radar

Céimí onóracha le Gaeilge agus Iriseoireacht de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, thosaigh Shane ag obair le Below le Radar i Márta 2012. Tá tréimhse caite aige i seomra nuachta RTÉ/TG4 ag soláthar tuairiscí do Nuacht RTÉ, Nuacht TG4 agus Timpeall na Tíre. Bíonn sé le cluinstin go rialta mar chuid de phainéal ar an chlár ‘Blas’ de chuid BBC Raidió Uladh. Tá altanna foilsithe aige fosta ar Gaelscéal, Foinse agus beo.ie. I 2010, bhí sé ar an té is óige in Éirinn ar bronnadh scoláire Fulbright le Gaeilge a theagasc in Ollscoil Naomh Tomás, Minnesota. I mbliana fuair sé ainmniúchán le aghaidh Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Le páirt a ghlacadh sa cheardlann seo gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh roimh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com an Chéadaoin 17 Meitheamh 2015.

[Grianghraf: Le Caoimhín Mac Giolla Cathain ]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive