Cairde Raidió Fáilte

Sean-sleamhnán

Bhailigh scaifte breá le chéile tráthnóna Máirt, an 26ú Bealtaine, in oifigí Raidió Fáilte – le píotsa a ithe agus le todhchaí an raidió a phlé.  Is grúpa daoine iad Cairde Raidió Fáilte – iarchraoltóirí, daoine atá ag craoladh faoi láthair, éisteoirí agus éinne ar ar spéis leo ionchur a bheith acu in obair an stáisiúin – grúpa a chruinníonn le chéile go tráthrialta.  Chuir Fergus Ó hÍr, bainisteoir Raidió Fáilte, tús leis an oíche agus rinne sé pas beag cainte ar na hathruithe dearfacha a tharla sa stáisiún ar na mallaibh agus ar thodhchaí spreagúil an raidió.  Ansin labhair Dónall Mac Murchaidh agus Edel Ní Churraoin faoi seach ar na cúrsaí traenála atá ar an bacáin sa stáisiún agus ar na deiseanna atá ann do chraoltóirí nua dul i mbun chláir.

An príomhchuspóir a bhí leis an oíche seo ár ndóigh ná deis a thabhairt dóibh súid a bhí i láthair moltaí s’agacusan a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar réimse na gclár.  Plé agus díospóireacht fiúntach agus ionraic a tharla ag an teacht le chéile seo agus neart moltaí curtha chun tosaigh a rachas chun tairbhe an raidió.  Agus lean an cur agus an cúiteamh ar aghaidh tamaillín eile i dTithe Uí Mhadáin agus Uí Cheallaigh.

Más spéis le duine ar bith amuigh ansin tuilleadh eolais a fháil faoin raidió nó más spéis leo bheith páirteach in obair Raidió Fáilte scairt orainn ar 028 90310013 nó seol ríomhphost ag nasc@raidiofailte.com.

 

Cairde Raidió Fáilte met Tuesday, the 26th of May, to discuss recent changes within the station and future plans for the development of the station.  Fergus Ó hÍr, the manager of the station, spoke about these plans.  Dónall Mac Murchaidh and Edel Ní Churraoin discussed upcoming training courses and opportunities for new broadcasters to become ‘citizen journalists’ and to produce their own programmes.  There followed a lively and honest debate from those in attendance with many useful suggestions on how Raidió Fáilte can improve its’ services.

If you are interested in being part of the Raidió Fáilte team why not give us a ring at 028 90310013 or send us your details at nasc@raidiofailte.com.

Cairde RF13

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive