Antaine Mac Aoidh – Craoltóir na Míosa

Sean-sleamhnán

Tá Antaine ag freastal ar Ollscoil na Banríona faoi láthair agus é sa bhliain dheireannach.  In ainneoin go bhfuil sé cruógach go maith na laethanta seo agus é i mbun mionthráchtais tagann Antaine isteach chuig stiúideo Raidió Fáilte gach seachtain lena chlár a chraoladh.  Is léir ó chaighdeán an chláir go ndéanann sé neart ullmhúcháin agus réamh-oibre.

Seineann Antaine ceol clasaiceach ar an an olldord agus is ball é de cheolfhoireann Ollscoil na Banríona. Clár uair a chlog a chuireann sé i láthair atá bunaithe ar an cheol clasaiceach – an t-aon chlár den chineál seo atá le cloisteáil ar Raidió Fáilte.

Tá gradam Chraoltóir na Míosa tuillte go maith ag Antaine as ucht an díograis agus an tiomantas a léiríonn sé  gach seachtain.  Mar chomhartha buíochais bhronn Raidió Fáilte dearbhán air le caitheamh sa Cheathrú Póilí, an siopa leabhar Gaelach atá lonnaithe i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich.  Maith tú, a Antaine!

Is féidir Antaine a chloisteáil Dé hAoine idir 1 agus 2 a chlog; Dé Luain idir 8 agus 9 a chlog istoíche; Dé Máírt idir 11 agus 12 a chlog.

Antaine is in his last year at Queen’s University, Belfast.  Although this is an extremely busy year for him he can be relied upon to come into Raidió Fáilte every week to present his programme.  Alot of hard work goes into the preparation of all of his programmes.

Antaine plays the the double-bass and is a member of the orchestra at Queen’s University, Belfast.  His knowledge and interest in classical music is evident in his weekly programme and we at Raidió Fáilte would like to congratulate him on his well-deserved nomination as Broadcaster of the Month.  As a token of our appreciation Antaine was presented with a token for An Ceathrú Póilí, the Irish-language bookshop located in Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich. 20150330_09554866

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive