Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Sean-sleamhnán

Intensive Course Participants with Trainers 24-02-2016

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

06 Deireadh Fómhair 2016

Ar mhaith leat bheith i do craoltóir ar Raidió Fáilte?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta na Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist.

Foghlaimeoidh tú:

  • Scileanna láithreoirachta
  • Scileanna léiriúcháin
  • Scileanna eagarthóireachta
  • Scileanna agallaimh
  • Scileanna taighde agus iriseoireachta

Deis iontach atá ann tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Beidh cainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Beidh an cúrsa ag tosú 06 Deireadh Fómhair. Moltar duit áit a chur in áirithe go luath óir bíonn an-rachairt ar an chúrsa! Ná cailligí an deis!

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013

nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 03 Deireadh  Fómhair 2016

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive