7 gClár Raidió a chuirfeas tú ag damhsa

Sean-sleamhnán

IMG_2416-Edit

1. “Scancáil sa Chathair”

Cuireann Cormac Buzz Ó Briain ó Chóras Fuaime Rasta Rua agus ón bhanna ceoil Boss Sound Manifesto clár ar leith ska agus reggae inár láthair. Beidh tú ag damhsa gan stad gan staonadh leis na dordrithimí domhain agus buillí blasta reggae. Cluinfidh tú idir reggae na gcloigne maola luatha, fréamhacha dub, dhá thon, agus reggae an lae inniu. Tá Cormac ag croí ghluaiseacht reggae Bhéal Feirste.

Dé Céadaoin @ 3in; Dé Sathairn @ 5in; Dé Luain @ 7in; Dé hAoine @ 6in

Scancail3

 

 

 

 

 

 

2. An Bosca Ceoil – Seal na bPíob

Seo clár a chuir Frainc Rua Mac Cionnaith agus Dónall Mac Murchaidh tús leis sa bhliain 2012. Ceol Ceoil traidisiúnta ar Raidió Fáilte a dhéanann spéisialtacht ar cheol nua-aimseartha gaelach agus ar cheol na feadóige móire agus na bpíob uilleann. Tá sraith speisialta á chraoladh anois faoin teideal Seal na bPíob a dhíríonn ar cheol na bpíob uilleann.

Dé Céadaoin @ 6in; Dé hAoine @ 7in; Dé Domhnaigh @ 4in;

An Bosca Ceoil - Nua

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3. “Damhsa ar an Raidió”

Más duine thú a thaitníonn “an steip” leat ag Oireachtas na Samhna taithnóidh an ceol sa chlár seo leat. Gach seachtain bíonn Edel Ní Churraoin ag cur rogha de cheol traidisiúnta rithimiúil ar siúl ar an raidió a bhainfidh coiscéim nó dhó eile as do sheanbhróga damhsa. In éineacht le Edel bíonn Hannah Rua Ní Bhaoill ag nochtadh a tuairime ar chúrsaí cultúrtha i bhfad agus i gcéin. Clár lán de spórt, greann agus ceol!

Déardaoin @ 5in; Dé Sathairn 9 in; Dé Domhnaigh @ 5in

Edel Ní Churraoin 3

4. “Coirneál na gCeoltóirí”

Clár ceoil traidisiúnta luascach iontach ina mbíonn scoth an cheoil le cluinstin idir cheol traidisiúnta agus ceol clasaiceach le haghaidh damhsa gasta agus damhsa mall. Is í Treasa Ní Bhanna a chuireann an clár seo i láthair. Flúiteadóir claisiceach agus traidisiúnta agus píobaire .

Dé Domhnaigh @ 3in; Dé Luain @ 9rn; Dé hAoine : 8in

Treaea Ní Bhanna le ghrúpa ceoil, Tolka

 

5. “Aoife Ní Riáin – Ar Seachrán”

Ceol beomhar bríomhar Gaelach a chuirfeas tú ag luascadh le háthas ón chraoltóir seo as Baile Átha Cliath ó dhúchas.

Dé Céadaoin @ 4in; Dé hAoine @ 9in; Dé Domhnaigh @ 7:00in

Aoife Ní Riain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 6. “Beo go Deo”

Tá Elvis “Beo go Deo” ar Raidió Fáilte. Gach seachtain cuireann Gearóid Ó Cairealláin clár de cheol Ard-Rí Rac n’ Roll Elvis Presley ar siúl ar an ard-mhinicíocht 107.1FM agus ar fud na cruinne ar raidiofailte.com. Seo an uair ríoga ar Raidió Fáilte ina gcluinfidh idir na gormacha, ceol ó na scannáin, ceol sóiscéalach agus rac ‘n roll ó Elvis Presley. Beidh tú ag luascadh agus ag bocléimnigh.

Dé hAoine (Beo) @ 3in, Dé Domhnaigh @ 9rn; Dé Máirt @ 3in

Gearóid Ó Cairealláín/ Craoltóir na Míosa (Márta 2015)

7. “Marcas Ó Cinnéide”

Sa chéad leath de chlár spraoiúil Mharcais cluinfidh tú scoth an cheoil traidisiúnta ó Éirinn agus Alban chomh maith le fógraí ar na mórimeachtaí ar fad atá titim amach faoi chathair Bhéal Feirste. Sa dara leath cluinfidh tú ‘an rac-cheol is fearr ar domhan’.

Beo Dé Luain @ 1-3in; Beo Dé Máirt 1-3in

Marcas Suíomh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive