Shatter ag iarraidh ar Ombudsman an Gharda fiosrú chás na bpointí pionóis a scrúdú

ealaíona, Nuacht24

Déanfaid baill de Chomhchoiste Oireachtas na gCuntas Poiblí plé amárach ar na héisceachtaí a bheidh acu Déardaoine agus amach anseo maidir leis an chonspóid faoi phointí pionóis agus a gcealú. Tá gné eile leis an chonspóid i ndiaidh donAire Alan Shatter caint bhaill á irithe an Choiste a ionsaí agus socrú lena chois an chás a chur anois faoi bhráid Ombudsan an Gharda Síochána. Ní léir go foil áfach an mbeidh éisteachtaí poiblí ann agus an Choiste Oireachtais ag leanúint lena bhfiosrúchán de líomhaintí a rinneadh faoin scéal. Deir an tAire Alan Shatter go bhfuil sé chun an chonspóid ar fad faoi phointí pionóis a chur faoi bhráid Ombudsan an Gharda Síochána. Agus lasc sé mionlach de bhall an Choiste Oireachtas um Cuntais Phoiblí as, dar leis, ‘réamhthuairimí a nochtadh faoi rudaí atá le teacht faoi bhráid an Choiste agus mhaígh gur bhaol go mbainfeadh a gcaint le tamall anuas de chreidiúint an choiste. Thug sé le fios fosta go bhfuil sé chun an reachtaíocht chuí a leasú chun go dtiocfadh le ball den Gharda labhairt le hOmbudsman an Gharda go díreach. rud atá cosctha go dtí seo. Chuir Coimisinéir an Gharda, Martin Cullinane, fáilte roimh chaint an Aire. Le cúpla lá anuas tá an Coimisinéir ag glacadh comhairle dlí maidir le bealach a dtiocfadh leis stopadh de bheirt, iarGharda agus Garda, a bheith páirteach in éisteachtaí phoiblí an Choiste Oireachtais.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:31:44

Admin/login Comments RSS

ILBF