Séasúr nua Laochra Gael ar TG4

ealaíona, Nuacht24

                                                                         

                          Séasúr nua Laochra Gael ar TG4

Seolta  ag Uachtarán CLG

 

Cuirfear tús craolta le sraith nua de cláracha ceiliúrtha agus cuimhneacháin ar ár mór imreoirí iomána agus peile ar TG4 an deireadh seachtaine seo, Domhnach 2 Feabhra.

Sheol Uachtarán CLG, Liam Ó Néill, an tsraith ag tús na seachtaine. Deich gclár atá tsraith i mbliana, an dara séasúr déag ó thosaigh sí.    Tugann gach clár ómós do shár-imreoir le cabhair agallaimh nua leis féin agus lena chomhghleacaithe, céilí comhraic agus tráchtairí aitheanta.

Is leis an sár-scórálaí Déiseach John Mullane, a thosóidh an tsraith, fear a thug seal fada ag saothrú d’iománaithe Phort Láirge agus dá chlub, De La Salle. Bhí sé go mór chun tosaigh san athbheochan iomána ag Port Láirge.  Bhí John riamh ionraic mar imreoir agus tá sé chomh macánta céanna sa chlár seo  agus é ag breathnú siar ar a shaol imeartha, ina measc, an cárta dearg ar an toirt a taispeánadh dó i gCluiche Ceannais na Mumhan 2004.

Faigheann Na McCartans, dhá ghlúin de theaghlach iomráiteach peile as An Dún a gclár féin sa tsraith seo freisin.  Bhí James agus Dan ar laochra an chontae a thug Corn Sam Maguire suas thar teorann den chéad uair i 1960 agus iad ag imirt le club an Ghleanna.  Ba thráthúil go raibh James Óg ar fhoireann an chontae a rinne an éacht chéanna i 1994 agus eisean le club Naomh Muire, Boireann.   Tá cuimhní gléineacha acu ar fad ar an bpaisean ar leith a bhain leis na héachtaí sin agus an leas a rinne siad don pheil sna Sé Contae.

Is iomaí lá a bhí ag fear rua na Gaillimhe Noel Lane ag imirt le iománaithe an chontae sin.  D’aimsigh fear Bhaile an Doirín go leor cúl agus bhuaigh roinnt bonn – ach bhí an briseadh croí i ndán dó go minic freisin agus frustrachas.    Ina chlár féin, tráchtfaidh sé ar an dá shaol sin agus ar an bhfearg a bhí air lena bhainisteoir Cyril Farrell, nár roghnaigh ar an bhfoireann tosaigh é do Cluiche Ceannais  na hÉireann 1988. Ach más ar bhinse na bhfear ionad a thosaigh sé an cluiche sin, tháinig sé isteach san imirt in am tráth agus d’fhág rian a láimhe ar an toradh agus ar stair na hiomána ina chontae dúchais.

Craolfar clár sa tsraith freisin ar an mban-pheileadóir is aitheanta agus is fearr riamh, Cora Staunton, bean Cheathrú na gCon, atá fós ag imirt dar ndóigh.  Tráchtann sí ar a saol fada imeartha, idir chaithréim agus bhriseadh croí.    Is mór aici an t-aitheantas ar leith a thug a foireann di agus í gortaithe, gan imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann ag tús a ré.  Labhróidh sí freisin ar an aighneas a scoilt agus a chráigh peil na mban i Maigh Eo roinnt bhlianta ina dhiaidh sin.

Is as Cill Dara ó dhúchas don pheileadóir Larry Tompkins ach is i ngeansaí dearg Chorcaí agus a chlub Gleann Bhearracháin is mó a thuill sé glóir agus aitheantas. Ba mhinic é gortaithe agus admhaíonn gur ghéaraigh sin a dhíocas chun buachana.  Tráchtann sé freisin ar an aighneas a thug air imeacht óna chontae dúchais agus clárú le Corcaigh, cinneadh a ghin go leor conspóide ag an am.

 

Laoch eile ag Gaeil cois Laoi is ea Seán Óg Ó hailpín, peileadóir ábalta, iománaí cumasach agus Gaeilgeoir líofa paiseanta.  Is maith is cuimhin leis an geit a baineadh as mar ghasúr agus é ag tuirlingt i gCorcaigh fuar fliuch tar éis don teaghlach slán a fhágáil ag Sydney geal te na gréine.  Is ábhar bróid dó ar bhain sé amach mar imreoir lena chontae agus lena chlub, Na Piarsaigh agus is breá leis smaoineamh siar ar an óráid cháiliúil a thug sé mar chaptaen ag  Cluiche Ceannais na hÉireann 2005.

Tá cúil áirithe a fhanann greanta sa gcuimhne agus tá an ceann a scóráil Mikey Sheehy in aghaidh Átha Cliath i  1978 ar cheann acu sin.  Ina chlár féin, tugann cúl báire na Dubs an lá sin, Paddy Cullen, a leagan féin den eachtra.   Bhronn an réiteoir saor-chic bog go maith ar an Ríocht ach agus sula raibh deis ag an gcúl báire filleadh ar a ionad idir na cuaillí, chonaic Sheehy go sé as láthair agus bhí an pheil curtha go paiteanta ós a chionn aige agus isteach sa líon i bhfaiteadh  na súl.   Bhí Paddy “ar nós mná tí ag rith isteach an doras agus fios aici go bhfuil a cáca dóite” mar a scríobh Con Houlihan an lá dár gcionn faoi fhear Scoil Uí Chonaill.

 

B’iontach an lánchúlaí é Brian Lohan don Chlár agus is iomaí éacht sa rinne sé lena chontae agus lena chlub, Wolfe Tone na Sionna.  B’fhurasta aithne Brian leis an gclogad dearg a bhíodh air i gcónaí.  Go deimhin, bhí oiread muiníne ag a bhainisteoir Ger Loughnane as, gur roghnaigh sé uair amháin Brian a fhágáil ar an bpáirc agus é leonta go dona seachas fear ionaid iomlán aclaí a chur isteach ina áit.  Tráchtfaidh sé ar an lá sin agus ar an bpian a bhain leis – cé gur chuir an ghlóir an phian ar ceal.

 

Bhuaigh Martin O’Connell Craobh Peile na hÉireann trí huaire leis An Mhí. Bhí an oiread measa air mar imreoir leis an gcontae agus lena chlub, Naomh Micheál gurbh é an t-aon pheileadóir reatha a roghnaíodh ar fhoireann na Mílaoise. Ina chlár féin,  deir sé gur dhóbair deireadh a bheith lena ré imeartha idir-chontae sular  thosaigh sí ar chor ar bith agus é ar tí imeacht ón bpainéal i 1987.

 

Níl ach dhá theaghlach sa tír a bhfuil curiarracht áirithe bainte amach ann – gur  éirigh le chaon duine de bheirt dearthár  ann Corn Mhic  Cárthaigh a ardú leis mar chaptaen ar fhoireann bhuacach na Craoibhe Iomána. Ina measc tá na Conchúraigh as an nGleann Mór agus tá clár faoi Eddie agus Willie O’Connor mar chlabhsúr leis an tsraith seo.  Cosantóirí cliste cróga ab ea iad riamh.

Chomh maith leis na Laochra féin, tá agallaimh nua ar fáil sa tsraith seo le himreoirí aitheanta leithéidí Henry Shefflin, Ger Loughnane, Dan Shanahan, Niall Cahalane, Michael Duignan, Maurice Hayes, Mick O’Dwyer, Cyril Farrell, Seán Boylan agus Dónal O’Grady.

 

Léiriú le  Nemeton, comhlacht teilifíse sa Rinn, Port Láirge

 

Laochra Gael     5.55pm  TG4 Gach Domhnach ó 2 Feabhra  (tar éis GAA Beo)

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:36:01

Admin/login Comments RSS

ILBF