Ré úr mar dhea – New Era, Indeed

gné-ailt/tuairim, Nuacht24

Ráiteas ó Jake Mac Siacais thar cheann Forbairt Feirste

 

 

Ré úr inniu i bhforbairt na Gaeilge a d’fhógair Liam Ó Maolmhichil, Cathaoirleach Foras na Gaeilge, agus é ag fógairt deireadh le bunmhaoiniú do gach eagraíocht thuaisceartach a raibh infheistíocht bunmhaoinithe déanta iontu ó tháinig ann don chéad ‘Ré Úr don Ghaeilge’ a fógraíodh i 1999 ag am bunaithe an Fhorais féin.

 

“Má insítear an fhírinne dhubh agus bhán is próiseas cuíchóirithe amháin a bhí á mhaoirsiú ag an Fhoras le tamall de bhlianta anuas, fad agus a cuireadh le bille thuarastal an Fhorais féin, agus is próiseas cuíchóirithe a bheas á chur i bhfeidhm acu beag beann ar na himpleachtaí do phobal na Gaeilge thuaidh agus theas ach go háirithe ó thuaidh, áit a bhfuil infrastruchtúr an phobail, taithí, scileanna, infheistíocht agus tógáil páirtnéíreachta bánaithe acu.

 

“Thiar i 2003, nuair a thosaigh Rialtas na 26 Chondae, ar phróiseas seo na cuíchóirithe le gearradh siar de 11% ar bhuiséad an Fhorais d’eisigh Bord Foras na Gaeilge ráiteas láidir a rá, i measc eile: “D’aontaigh comhaltaí an bhoird go raibh stádas agus clú Foras na Gaeilge mar Áisíneacht tras-teorann, lagaithe agus go raibh amhras ann faoi chreidiúnacht an Fhorais.”

 

“ Deich mbliana níos moille is deacair a chreidbheál go dtig leis an Fhoras a rá, gan mórán lorg íoróine orthu, gur ‘Ré úr’ atá fógraithe acú nuair atá ‘stádas agus clú Foras na Gaeilge mar Áisíneacht tras-teorann, lagaithe’ agus níos ‘amhras ann faoi chreidiúnacht an Fhorais.’ Ná mar a bhí ariamh.

 

“Sin ráite tá obair cheannródaíoch déanta ag Forbairt Feirste, ag cruthú earnál oibre nach ann dó in aon áít eile ar an oileán agus muid ag úsáid na Gaeilge mar ghléas athghiniúna eacnamaíochta, agus tá an obair seo i gcur chun cinn na Ceathrún Gaeltachta, agus Gaelphobail Feirste róthabhachtach le ligint le sruth nó lena fhágáil faoi Shamhal Nua Maoinithe gan an taithí nó an tsamhlaíocht atá riachtanach.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:06:28

Admin/login Comments RSS

ILBF