PSNI chun 1.000 duine a cheistiú, as an úr, faoi Dhomhnach na Fola

Nuacht24

Chuir an PSNI in iúl inniu go mbeidh siad ag athcheistiú tuairim is 1,000 duine maidir lena bhfiosrú ar Dhomhnach na Fola. Níl cead acu fianaise a cuireadh i láthair Fiosrúchán Saville a úsáid. Chuir na péas ó thuaidh a ráiteas amach cothrom an lae 42 bliain i ndiaidh do Paratruipéirí arm na Breataine 14 duine a mharú ar shráideanna Dhoire nuair a d’ionsaigh siad mórshiúl Cearta Sibhialta.

Bhí iaróg ann i nDoire an tseachtain seo don dara bliain as a chéile nuair a chroch dílseoirí bratacha Paratruipéirí arm na Breataine ar an Bhaile Nua ar imeall Dhoire.

Agus inniu féin bhuail an Taoiseach le gaolta roinnt den 11 duine ar mharaigh Paratruipéirí arm na Breataine i mBaile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste ar 9-10 Lúnasa, an oíche ar cuireadh imtheorannú i bhfeidhm ó thuaidh. Ba é seo an chéad uair do na gaolta bualadh leis an Taoiseach agus lorg siad a thacaíocht dá bhfeachtas ag lorg fiosrúchán neamhspleách le gné idirnáisiúnta ar an sléacht.  Bhí sagart gus matháir ar ochtar clainne orthu sin a maraíodh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:13:58

Admin/login Comments RSS

ILBF