Polaiteoirí an chomhrialtais as láthair agus Seán Ó Cuirreáin ag míniú a himeachta

ealaíona, Nuacht24

Ní raibh ionadaí de chuid an rialtais i láthair nuair a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, fianaise ag coiste Oireachtais. Teachta ná Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre nó Fine Gael a nocht ag an éisteacht cé go raibh ionadaithe ó Shinn Féin is Fianna Fáil ann mar aon leis an Seanadóir Neamhspleách Ronan Mullen.Dar le Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir le Sinn Féin, gur léirigh sé sin a laghad suime is a bhíonn acu sin sa drochchás atá ar an Ghaeilge.

Bhí an Coimisinéir Ó Cuirreáin, a bheidh ag éirí as ar 23 Feabhra 2014, tamall maith roimhdheireadh a théarma cionn is a míshásamh faoin easpa tacaíochta ón rialtas, bhí sé ag caint leis an Fho-choiste um an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010. I gcaint agus fianaise cuimsitheach thug sé le fios go bhfuil an Ghaeilge á brú go himeall an sochaí, agus go bhfuil neamhghnímh is neamhshuim an rialtais, na státseirbhíse agus an earnáil phoiblí ag cur dlús faoin phróiseas.

Thuar sé i measc rudaí eile go dteipfeadh ar an chóras nua atá á tabhairt isteach chun cur le líon na státseirbhíseach a bhfuil Gaeilge acu. Níl ach 1.5% de státseirbhísigh a bhfuil líofacht Ghaeilge anois acu agus ar an ráta reatha thógfadh sé 28 bliain chun an céatadán sin a mhéadú go 3%.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:43:09

Admin/login Comments RSS

ILBF