Picéad ag POBAL ag ionad turasóireachta Bhéal Feirste

ealaíona, Nuacht24

Chuir tuairim is scór duine picéad inniu ar lárionad lucht turasóireachta don tuaisceart mar gheall ar a laghad comharthaíocht i nGaeilge atá ceadaithe ag an áisínteacht turasóireachta. Cháin an tuairisc ó shaineolaithe na hEorpa, a foilsíodh roinnt seachtainí ó shin, doicheall lucht turasóireachta ó thuaidh roimh chomharthaíocht ó thuaidh agus dar le Janet Muller ó POBAL go bhfuil an áisínteacht i ndiaidh diúltú comharthaíocht i nGaeilge a chur in airde in ainneoin iarratas dá macasamhail acu ó chomhairlí, grúpaí Gaelacha agus daoine aonáracha. Dar le POBAL nach raibh sa léirsiú inniu ach céim eile ina bhfeachtas chun tabhairt ar na húdaráis turasóireachta comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde ar bhonn cothrom fud na Sé Chontae. IMG_2206IMG_2207IMG_2213IMG_2214

 

Preas ráiteas ó POBAL

 

Comharthaíocht Thurasóireachta Ghaeilge Anois!

Picéad ag oifigí Bord Turasóireachta TÉ

Inniu, reáchtáil POBAL, eagras abhcóideachta na Gaeilge, picéad bríomhar, callúnach, síochánta ag oifigí an Bhoird Turasóireachta TÉ le haird a tharraingt ar thorthaí Coiste Saineolaithe de chuid Chomhairle na hEorpa, go bhfuil teip ar an BTTÉ a chuid dualgas i leith na Gaeilge. Cháin POBAL diúltú phríomhfheidhmeannach an Bhoird Turasaóireachta, Alan Clarke, glacadh le litir ón phicéad. Níor chuir sé feidhmeannach sinsearach eile ar fáil le glacadh leis an litir ach oireadh. Dúirt Janet Muller, PF POBAL, ‘Léiríonn sé chomh holc is atá dearcadh an Bhoird maidir le cumarsáid leis an phobal. I bhfianaise na gearáin tromchúiseacha atá déanta ag phobal na Gaeilge le tamaill anuas, bhí sé maslach, mí-proifisiúnta.’

 

Is é an Bord Turasóireachta an t-údarás poiblí faoin Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta, atá freagracht as maoiniú poiblí a dtacaíonn le húinéirí d’ionaid chuairteoirí sa Tuaisceart le comharthaíocht agus painéil léirmhínithe nó eolais maidir le láithreáin agus foirgnimh stairiúla, turais siúil, srl., a chur in airde. Cé gur comhlacht rialtais é BTTÉ faoin RFTI, mar chomhlacht poiblí tá sé faoi cheangal de réir dlí, lena n-áirítear faoi fhorálacha na hionstraime idirnáisiúnta an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

 

Dúirt Janet Muller, PF POBAL, ‘Cúis díomá dúinn gur dhiúltaigh BTTÉ arís agus arís eile maoiniú agus iarratais maidir le maoiniú/ comharthaíocht a chur in airde nuair a bhítear rún gur chóir go mbeadh an chomharthaíocht dátheangach (Gaeilge-Béarla). Feidhmíonn BTTÉ ‘polasaí’ neamhscríofa nuair nach nglacann sé ach le comharthaíocht i mBéarla in achan chás ach amháin nuair a bhíonn ainm Gaeilge tugtha don ionad cuairteoirí. I gcásanna den sórt sin, chuir BTTÉ comhartha treocht in airde le hainm an ionaid cuairteoirí, ach gan aon eolas breise dátheangach.

 

‘De réir mar a thuigeann muid, dhiúltaigh BTTÉ maoiniú fiú amháin nuair a thagann sé salach ar pholasaí dátheangach nó Gaeilge atá glactha go dleathach le comhairle, mar fhreagra ar chomhlíonadh a dhualgais faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Tuigeann muid na deacrachtaí sonracha a eascraíonn ó chur chuige BTTÉ ar an ábhar seo maidir le Comhairle an Iúir agus Mhúrn, le Comhairle Ceantair Dhún Pádraig agus le Comhairle Léim an Mhadaidh. Is e ár dtuairim, thairis sin, go bhfuil a lán samplaí eile ann, chan amháin de chomhairlí áitiúla, ach d’eagraíochtaí Gaeilge a diúltaíodh iarratas s’acu ar mhaoiniú agus / nó ar chomharthaíocht.’

 

Thug POBAL fianaise maidir le fadhbanna leis an Bhord Turasóireachta chuig Choiste na saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh an bhliain seo caite. Dúirt Janet Muller, ‘I gcomhfhreagras le POBAL agus daoine eile, rinne BTTÉ iarracht a chosc ar úsáid na Gaeilge a dhlisteanú, ag rá nach gcuireann comharthaí dátheangacha le ‘heispéireas an chuairteora’ – rud atá fiormhaslach do chainteoirí Gaeilge agus nach gcuireann san áireamh dualgais BTTÉ faoin Chairt. Chomh maith leis sin, tá BTTÉ ag déanamh gur féidir le comharthaíocht dhátheangach a bheith ina guais sábháilteachta ar bhóithre, cé nach dtugann sé aon fhianaise air sin, agus i ndáiríre léiríonn taighde idirnáisiúnta nach bhfuil aon bhunús leis an dearbhú. Creideann POBAL gur polaitíocht is príomhchúis leis an chosc. Is cosúil go léiríonn comhfhreagras idir Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta, a fuarthas faoi shaoráil faisnéise, go bhfuil baint ag an RFTI agus BTTÉ sa chosc seo ar úsáid na Gaeilge, le DETI ag treorú BTTÉ, “not to formalise a policy but [to] stand over the current approach”.

 

Lean Janet, ‘Cúis frustrachais agus feirge atá ann dúinn uilig a ba mhaith leo forbairtí a fheiceáil i dturasóireacht na tíre seo, nach bhfuil BTTÉ in ann – nó nach bhfuil siad sásta – aitheantas a thabhairt do chultúr saibhir na Gaeilge. Déanann se seo damáiste don turasóireacht, mar go gcruthaíonn sé eispéireas turasóireachta aonteangach, ag déanamh neamhaird de ghné uathúil dhíolacháin na Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas.

 

‘Tá POBAL ag éileamh go n-aithníonn BTTÉ go bhfuil sé ag sárú ar chearta an Gaeilgeora. Éilíonn torthaí na Saineolaithe ar an Chairt go ndéanann BTTÉ (agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta) athbhreithniú láithreach ar sheasamh do-ghlactha s’acu maidir comharthaíocht dhátheangacha.’

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:46:46

Admin/login Comments RSS

ILBF