Picéad ag oifigí Bord Turasóireachta TÉ

ealaíona, Nuacht24

Comharthaíocht Thurasóireachta Ghaeilge Anois!

Picéad ag oifigí Bord Turasóireachta TÉ

Dé Máirt 28ú Eanáir ar 11 a chloig

Bord Turasóireachta TÉ, Cúirt An Naoimh Áine, 59 Sráid Thuaidh, Béal Feirste BT1 1NB

Beidh POBAL, eagras abhcóideachta na Gaeilge, ag reáchtáil picéid ag oifigí an Bhoird Turasóireachta TÉ, Dé Máirt seo chugainn, 28 Eanáir ar 11 a chloig, agus cuirtear fáilte romhat a bheith linn. Tá an Bord Turasóireachta freagrach as réimse leathan de chomharthaíocht thurasóireachta a mhaoiniú agus a chur in airde, ach le tamaill fada bíonn siad ag diúltú do chomharthaíocht turasóireachta dátheangach (Gaeilge / Béarla). Bhailigh POBAL samplaí do na diúltaithe seo, atá faighte ag grúpaí Gaeilge agus ag Comhairlí áitiúil mar aon, agus chuir muid an t-eolas roimh Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.  An tseachtain seo, caite, ina 4ú tuarascáil ar fheidhmiú na Cairte, cháin na Saineolaithe an Bord Turasóireachta TÉ maidir leis an diúltú lena dhualgais faoin Chairt a chomhlíonadh agus dúirt gur cosúil go raibh na diúltaithe seo,  ‘an infringement of the Charter. ‘

 

Dé Máirt seo chugainn, 28 Eanáir, tiocfaidh Gaeilgeoirí agus tacaithe le chéile le picéad a chur ar oifigí an Bhoird Turasóireachta ó 11.00 go 12.00 nóin. Beidh ceol agus siamsaíocht ann a léiríonn saibhreas chultúr na nGael, agus an díbhinn a thagann as don turasóireacht. Beidh muid ag tabhairt litreach don Bhord, ag cur thorthaí na saineolaithe faoina súil, agus ag éileamh go gcomhlíonann sé a chuid dualgas. Is mithid don Bhord ról na Gaeilge a aithint  i dtaca le saibhriú na turasóireachta áitiúil, mar atá an cás le Gàidhlig in Albain agus le Breatnais sa Bhreatain Bheag.  

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 21:00:53

Admin/login Comments RSS

ILBF