Péas gortaithe i gcaismirt taobh amuigh de lárionad i mBéal Feirste Thoir

ealaíona, Nuacht24

Caitheadh clocha ar phéas taobh amuigh de lárionad pobail in oirthear Bhéal Feirste oíche Dhéardaoine. Bhi Patrcik Magee, an duine a ciontaíodh as buamáil Grand Hotel Brighton, ag caint ag ócáid taobh istigh den lárionad Skainos. Ba é ‘Listening to your enemies’ téama an chruinnithe a reáchtáladh san ionad agus ina chuideachta Jo Berry, ar maraíodh a athair san ionsaí ar an ostán. Aréir peinteáladh mana ‘No IRA bombers here’ ar fhuinneoga an lárionaid agus anocht bhailigh roinnt scórtha taobh amuigh den ionad agus chaith cloche nuair a nocht Patrick Magee. Níor gortaíodh é ach gortaíodh ceathrar peas ar a laghad san eachtra sin agus nuair a caitheadh clocha ar na peas ar ball sa cheantar. Miontrioblóid a bhí ann dar le daoine sa cheantar nár mhair I bhfad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-24 11:33:46

Admin/login Comments RSS

ILBF