Ospidéal Cnoc Carméil le druidim

ealaíona, Nuacht24

Tá an Ard Chúirt i ndiaidh leachtóirí sealadacha a cheapadh chun Ospidéal Cnoc Carmel i mBaile Átha Cliath a dhéanamh réidh le druidim. Tháinig seo i ndiaidh do stiúrthóirí an ospidéil áiteamh a chur faoi bhraid na Cúirte.

Tá an ospidéil, atá anois ina ospidéal príobháideach, ag plé le breith pháistí agus cur faoi scian i gcásanna nach bhfuil práinneach. Tá an ospidéal ann ó 1949 ach tá úinéirí nua ann ó 2006.

Tugadh le fios sa chúirt inniu go bhfuil fiacha ar luach €35m ag an chomhlacht agus go raibh 2013 tubaisteach acu. Tá neamhchinnteacht ann anois faoina bhfuil i ndán don 250 oibrí lánaimseartha agus an 78 oibrí páirt aimseartha atá fostaithe ann.

Bhí NAMA ag plé le fiacha an ospidéil ó 2010 agus ag iarraidh teacht ar cur chuige a chuirfeadh bonn faoin ospidéal. Ach chlis ar na hiarrachtaí agus ar iarrachtaí a rinneadh chun an ospidéal a dhíol.

Deir an ospidéal go gcaithfear ar is gnách le hothair sna laethanta amach romhainn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 10:03:11

Admin/login Comments RSS

ILBF