Gaelchultúr – cúrsaí, nuacht, siopa leabhair – agus duais le baint!

ealaíona, Nuacht24

Rogha cúrsaí agus áiseanna ar fáil mar aon le nuachtlitir ag http://www.gaelchultur.com/

Agus ná dearmad www.siopa.ie

 

Beatha agus sláinte!

 

Cuirfear tús le ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir do dhaoine fásta an tseachtain seo chugainn (3–6 Feabhra 2014) i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Tá comórtas á reáchtáil againn le gur féidir le duine ámharach amháin cúrsa iomlán 10 seachtaine a bhuachan saor in aisce (sonraí thíos).

 

Is féidir rang oíche a chur in áirithe anois ar www.gaelchultur.com ach cliceáil anseo nó trí glaoch orainn ar (01) 484 5220.

 

Beidh an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ag tosú Dé Sathairn, 8 Feabhra, agus cuirfear tús leis an gcéad Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil eile freisin an tseachtain seo chugainn (4–6 Feabhra 2014).

 

Comórtas

Más mian leatsa cúrsa iomlán de chuid ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir a bhuachan, seol teachtaireacht ríomhphoist agus “Comórtas: Ranganna Oíche” mar theideal uirthi chuig eolas@gaelchultur.com faoi 1.00pm, Déardaoin, 30 Eanáir 2014. Ní mór duit an cheist seo a fhreagairt sa ríomhphost:

 

Cé mhéad seachtain a mhaireann cúrsa amháin de chuid ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir?

 

Fógrófar an buaiteoir ar www.gaelchultur.com ag 5.00pm, Déardaoin, 30 Eanáir 2014.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:16:05

Admin/login Comments RSS

ILBF