‘Éagóir’ ar TG4 oíche amárach – Gerry Conlon

ealaíona, Nuacht24

An tsraith fhaisnéise ‘Éagóir’ ag filleadh chun sé chás eile a scrúdú

 

Cad a tharlaíonn nuair a theipeann ar cheartas? Cad a tharlaíonn dóibh sin atá fágtha ina dhiaidh? Conas a throideann siad lena n-ainm a ghlanadh?

 

In Éagóir fiosraíonn an t-iriseoir Michelle Nic Phaidín sé chás mhíchlúiteacha ó dhearcadh na ndaoine a bhí páirteach – ó na heachtraí scanrúla a bhain leis an éagóir féin go dtí an troid chrua dhochreidte ar son ceartais. Ar an turas scrúdaíonn Michelle conas a theip ar an chóras agus an tionchar a bhí aige ar shaol na ndaoine neamhchiontacha seo. Fuair cuid dá ngaolta bás, bhí ar chuid eile éalú ón tír agus chaith cuid eile na blianta fada i bpríosún le linn do na ciontaigh bheith saor.

Is é an rún daingean a bhí acu cothrom na féinne a fháil an rud a aontaíonn iad. Tá scéal cumhachtach le hinse acu ar fad.

 

Clár 1: Gerry Conlon                        20/02/2014                         2200

Tá beagnach 40 bliain ann ó maraíodh 5 agus gortaíodh 65 i mbuamáil Guildford, coir as ar chaith Gerry Conlon 15 bliain i bpríosún. Agus é i gcarcair, chuaigh sé féin agus a athair i mbun feachtais chun ceartas a bhaint amach, cé go bhfuair Giuseppe bás roimh an toradh deiridh. Sa chlár faisnéise seo tugann Gerry agallamh léargasach agus mothúchánach faoin éagóir a d’fhulaing sé féin agus a theaghlach.

Rannpháirtithe: Gerry Conlon, Seamus McKinney, Caoilte Ó Ciardha, Ph.D. , Dominic Bradley SDLP, Máire Andrews, Michael Flanigan, Séanna Walsh

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:46:55

Admin/login Comments RSS

ILBF