Eagarfhocal Nuacht24 – ‘Níl folach a náire ann’

gné-ailt/tuairim, Nuacht24

Dé hAoine a foilsíodh an t-eagarfhocal seo, lá roimh Lá Mór na Gaeilge

 

Lá na seacht síon! Tá Airí rialtais ann atá ag guí go mbeadh a macasamhail againn Dé Sathairn. Clagarnach ceart fearthainne ó  bhreachadh an lae go titim na hoíche. Tá siad ag guí ar son aon rud a laghdódh ar an scaifte sin de dhaoine ó Bhaile Blainséir is Baile an Easpaig, ó Chluain Meala agus ó Bhearna, ó Chúl Aodha agus ó Dhoire, ó Indreabhán agus ó Rann na Feirste, ó Tamhlacht agus ó Loch Garman, ó Uíbh Fhailí agus ó Ghlinntí Aontroma a bhainfidh macalla as sráideanna na príomhchathrach agus a chuirfidh tuar ceatha Gaelach ag lonrú le taobh na Life i ndorchadas Sathairn duairc gheimhridh. Beidh na mílte duine ann. Ach is fútsa agus fúmsa é a shocrú cé acu go mbeidh dhá mhíle duine i gceist nó níos mó i bhfad ná sin. Nó sa deireadh is é an cinneadh a dhéanann mise, agus tusa, agus do chara, agus cara do chara – is é an cinneadh sin a dhéanann gach duine againn go haonarach a dhéanfaidh an difear idir 2,000 a  bheith againn De Sathairn agus cúpla míle duine sa bhreis ar 2,000. Níl an Ghaeilge ná todhchaí na Gaeilge ag brath ar rialtas, ná fiú ar Choimisinéir Teanga. Níl sé ag brath ar Chonradh na Gaeilge ná ar Raidió na Gaeltachta ná ar TG4. Sa deireadh tosaíonn gach rud leis an duine agus leis na roghanna a dhéanann an duine. Mise. Tusa. Dé Sathairn 15 Feabhra thig leat fanacht sa bhaile. Nó thig leat bogadh amach as crios an chompoird agus beart a dhéanamh seachas caint faoi. Agus is amhlaidh na roghanna atá agat achan lá. Nó nuair a bheidh na placaird curtha agus na meirgí fágtha agat sa bhothóg ar chúl an tí beidh an cath laethúil sin ar son na Gaeilge le cur agus le cur go tréan i gcónaí. Bhain Seán Ó Cuirreáin ar shiúil ón rialtas seo folach a náire nuair a chinn sé ar éirí as mar gheall ar a dhreacra is a bhí sé aige go fiú na cearta is bunúsaí a bhaint amach do phobal na Gaeilge. Ach ní leis an rialtas seo, dá olc iad, a thosaigh an stát ó dheas ag tabhairt cúl leis an Ghaeilge. Bhí gach rialtas ó na 1950í ar a laghad, (agus b’fhéidir roimhe) maíte ar mhaolú ar an choimitmint a tugadh i mblianta tosaigh an stáit, is é sin go dtabharfaí faoin Ghaeilge a dhéanamh ina teanga pobail. Ní hionann sin is a rá nach raibh cairde againn in achan pháirtí polaitiúil agus in achan rialtas. Ach rialtas agus stát, tá an creimeadh is an cúlú is an bréagcraifeacht is an Tadhg an Dá Thaobhachais ag dul ar aghaidh leis na cianta. Seal níos fadalaí, seal níos gaiste, ach ár dtreascairt lá i ndiaidh lae, bliain i ndiaidh bliana. Agus má tá ceacht le foghlaim ó seo ar fad is é go gcaithfidh pobal na Gaeilge modhanna oibre a thastáil is a fhorbairt is a foirfiú chun tionchar éifeachtach a imirt ar na polaiteoirí sin. Ar na polaiteoirí sin agus ar lucht cumhachta in achan earnáil den stát. Is gá obair leanúnach lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, bliain i ndiaidh bliana má táimid chun gluaiseacht leathan a thógáil a bhfuil eagla ag polaiteoirí agus ag lucht déanta cinnidh roimhe. Eagla roimh a chumhacht agus roimh a thionchar.  Eagla roimhe agus meas air. Seachas an neamhaird agus neamhshuim a léiríonn na maithe móra seo dúinn i láthair na huaire. Lá i ndiaidh lae tá Gaeil sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de, agus sea, leis na Gaeil i gcéin, táimid ag déanamh an rud dodhéanta. Tá muid ag coinneáil beocht is brí is spleodar sa teanga agus i lucht a labhartha. Bíonn learó dóchais ann gach uile lá i saol na Gaeilge bíodh is go bhfuil údar imní is díoma ann chomh maith. Ach is éigean athbhreithniú ó bhun go barr ar cad ar féidir linn a dhéanamh ar bhealach difriúil na saolta seo anois go bhfuil an stát ag bogadh níos gaiste agus níos mó i dtreo fáil réidh leis an Ghaeilge. Is gá gluaiseacht a aithníonn nach bhfuil an stát neodrach faoin Ghaeilge ach go bhfuil an stát ag cur i gcoinne na bpolasaithe a threiseodh an Ghaeltacht. Go bhfuil an stát ag cur i gcoinne na bpolasaithe a chuirfeadh le líon na nGaelscoileanna, agus na polasaithe a chuirfeadh fíor rogha ar fáil don chéad ghlún eile de dhaoine óga le go dtiocfadh leo saol Gaelach a chleachtadh agus gan a bheith faoi míbhuntáiste dá bharr. Is éigean gluaiseacht a aithníonn nach bhfuil an stát ar ár dtaobh agus go bhfuil cur chuige de dhíth a aithníonn sin. B’fhéidir go bhfuilimid ag feiceáil tús na gluaiseachta sin anois díreach. Ach níl aon réiteach gasta ná furasta ann. Tosaíonn an réiteach liomsa agus leatsa. Is éigean coinneáil agus cur leis an obair atá ar bun againn le fad an lá. Is éigean an t-aos óg a tharraingt isteach oiread agus ab fhéidir agus ligean dóibh modhanna nua agus modhanna dá gcuid féin a thriall agus a fhorbairt. Is éigean nuálaíocht agus seiftiúlacht. Is éigean dearfacht agus muinín agus gan ligean don ciniciúlacht teacht i réim. Is éigean gasanna glasa an dóchais a chothú. Nó tá siad sin líonmhar. Ón dlús iontach atá faoi na cumainn Gaelacha sna hollscoileanna agus an borradh faoi Ghaeil na Sé Chontae go dtí na Gaelscoileanna agus na gluaiseachtaí pobail sa Ghaeltacht atá ag seasamh an fhóid ar son caomhnú a seirbhísí pobail agus teanga. Agus is éigean comhghuaillíochtaí. Ní amháin idir Gaeil sa Ghaeltacht is sa Ghalltacht, idir Gaeil sna Sé Chontae agus sna 26. Ach is éigean comhghuaillíochtaí leis an mhórphobal Béarla ar léirigh a mbunús ( ó dheas cibé) arís is arís eile deathoil don teanga. Beidh ról nach beag ag an mhórphobal Béarla sin i dtreisiú phobal na Gaeilge. Agus is éigean ainilís nua ag gluaiseacht is ag pobal na Gaeilge ar cads é mar a chaitheann siad leis an stát. Obair mhór atá romhainn ach amharc thart timpeall ort i mBaile Átha Cliath De Sathairn 15 Feabhra agus tuigfidh tú réimse na tallainne atá againn. Is éigean dúinn a bheith maith, éifeachtach, readúil agus fuinniúil. Ach táimidne ar thaobh na nAingeal ar an cheist seo. Agus éiróidh linn. Má ta rud amháin thar aon rud eile le foghlaim ó éirí as oifig Sheáin Uí Chuirreáin is é an méid seo – bhréagnaigh a imeacht an scéal a bhíodh ag an stát agus ag na maithe móra riamh anall. Is é sin go bhfuil an stát ar aon taobh leo sin ar mhaith leo cothrom na Féinne don Ghaeilge.

Dé Sathairn cuirfimid in iúl dóibh nach gcuirfear an dubh ina dall orainn arís.

Agus gach uile lá ina dhiaidh caithfimid teacht ar  bhealaí níos éifeachtaí, níos cruthaithí, níos dana le cur in iúl dóibh go bhfuilmid éirithe as ár suan agus nach bhfuil ár sásamh ann ach cothrom na Féinne.

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 11:12:23

Admin/login Comments RSS

ILBF