Dúil sa dúlra

Nuacht24

Is iad seo na Gaeil a thug cuairt ar an tearmann dúlra clúiteach Cluain an Bhogaidh in iarthar Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo.

Mar pháirt de Shlógadh Shinn Féin, fuair siad léargas ar an Chluain ó threoraithe Feargus Ó hÍr agus Gearóid Ó Muilleoir, a bhfuil baint acu le Cairde Chluain an Bhogaidh.

Is tearmann de 47 acra é Cluain an Bhogaidh agus is é an portach uirbeach is mó in Éirinn. Is páirc í anois ina bhfuil éin neamhchoitianta ar nós an cheolaire cíbe ag neadú inti.

I measc na cuairteoirí bhí an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Caral Ní Chuilín.

 siuloid

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-24 11:37:34

Admin/login Comments RSS

ILBF