Cormac@aCúig beo as Béal Feirste

ealaíona, Nuacht24

Cormac ag a Cúig beo ó Bhéal Feirste Dé Máirt 4 Feabhra ag 5pm beidh an clár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta á chraoladh beo ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Beidh an clár ag díriú ar na hathruithe atá fógartha ag Foras na Gaeilge ar earnáil na Gaeilge, agus beidh fáilte roimh an bpobal a bheith i láthair. D’fhógair Foras na Gaeilge le déanaí go bhfuil sé cheanneagraíocht roghnaithe d’earnáil na Gaeilge, agus go dtiocfaidh deireadh le maoiniú do na heagraíochtaí eile i mí an Mheithimh. Léiríodh imní go forleathan nach raibh aon cheann de na ceanneagraíochtaí sin lonnaithe sna Sé Contae, agus go mbeadh droch-thionchar aige seo ar chúrsaí Gaeilge sa Tuaisceart. Dé Máirt 4 Feabhra, craolfar eagrán speisialta de Cormac ag a Cúig beo ó Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste, áit a dtabharfar deis do phobal na Gaeilge ó thuaidh ceisteanna a chur faoin leagan amach nua ar earnáil na Gaeilge. Tá cuireadh tugtha do gach ceann de na ceanneagraíochtaí urlabhraí a chur ar fáil le bheith páirteach sa chlár, agus, faoi láthair, tá sé dearbhaithe ag Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge agus Glór na nGael go mbeidh siad ann. Tá fáilte roimh an bpobal freastal ar an ócáid. Breis eolais cormacagcuig@rte.ie<mailto:cormacagcuig@rte.ie> Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Bhéal Feirste 4 Feabhra ag 5pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive