CABARET IDIR CHEILTEACH I NGAOTH DOBHAIR DÉ SATHAIRN SEO

imeachtaí, Nuacht24

CABARET IDIR CHEILTEACH I NGAOTH DOBHAIR DÉ SATHAIRN SEO:

 

Beidh ceoltóirí as Albain, Oileán Mhanainn, Gaoth Dobhair agus na Rosann, i measc na gceoltóirí a bhéas ar an ardán ag an Chabaret Craiceáilte, Tigh Hiúdaí, Dé Sathairn seo.

Ina measc, beidh Gríogair Labhruidh, agus  an sár ghrúpa ceoil DÁIMH, as ceantair Loch Abair, in Albain.

Tá aithne mhór ar Ghríogáir i dTír Chonaill, cionnas go dearn sé dlúthcheirnín le Doimnic Mac Giolla Bhrighde, ‘Ar Ghuaillibh a chéile’ cúpla bliain ó shin, agus is iomaí gig atá déanta aige féin ag an Chabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair, Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus Picnic na haibhléise.

Tá Gríogáir sa ghrúpa DÁIMH anois le tamall anuas, grúpa a bhuil iomrá mhór leo in Albain le cúig bliana déag. Bíonn siad le feiceáil ar an BBC thall udaí go minic, agus bhí siad ainmnithe do ghradam ceoil traidisiúnta Scots cúpla uair. Tá fuinneamh ar dóigh acu, agus meas fiánta ar bhaill an ghrúpa, Angus Mc Kenzie, Damien Helliwell, Gabe Mc Varish, Ross Martin, agus Gríogair mar cheoltóirí.

 

Beidh Ruth Keggin ag ceol amhráin thraidisiúnta agus comhaimseartha,  i nGaeilge Oileáin Mhanainn,  óna dlúthcheirnín úr ‘Sheear’ (Síar). Beidh na sár cheoltóirí James Lindsay ar an dord dúbailte & Dave Pearce -  ar an ghiotár ina cuideachta. Deir Ruth go bhfuil athbheochan ag tarlú ó thaobh na teangan ar Oileán Mhanainn, agus go bhfuil lúcháir uirthi féin deis a bheith aicí na hamhráin Manainnise a chur os comhair an phobail.

 

Tá Bríd Ní hIcí ar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí sa cheantar seo, agus ceolann sí amhráin i stíleanna éagsúla, na gormachaí, ceol cine agus tuaithe, ina measc.Beidh Michael Danny Minnie, sár ghiotáraí, agus iar bhall den rac ghrúpa Jurys Out, ag seinm le Bríd. Sheinn Michael le cuid mhór grúpaí sna 80aidí/90aidí, Double Vision, Witch Hunt, agus 3PM ina measc.

Beidh grúpa úr as na Rosann ar an ardán, Dé Sathairn seo, FÍOR UISCE, a bhéas ag seinm ceol bríomhar traidisiúnta, agus ag canadh amhráin bhreátha fosta. S’iad  Joe Mhicí Jimmy Mac Gríanna as Rann na Feirste , John Micheal Ó Domhnaill as Mín na Leice, Martin Nolan as an Phoinnte, agus Bríd Solan as an Chlochán Liath, atá sa ghrúpa úr seo.

Tá cúis cheiliúrtha ag na Gaeil, an deire seachtain seo, i ndiaidh gur éirigh chomh maith sin leis an mhórshiúl’ Dearg le Fearg’ i mBaile Átha Cliath, agus beidh cuid acu ag ceiliúradh ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo, Tigh Hiúdaí.

 

Bígí Craiceáilte linn Dé Sathairn seo!.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 17:56:58

Admin/login Comments RSS

ILBF