Atógáil Phobal na Gaeilge in Áras Crónáin – caint Shéamuis Mhic Sheáin

gné-ailt/tuairim, Nuacht24

le caoinchead www.antuairisceoir.com

 

Seo óráid Shéamuis Mhic Sheáin as Pobal Feirste ag an seimineár dar teideal Atógáil Phobal na Gaeilge in Áras Crónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath Dé Sathairn. 

1618417_672968432754082_1344337197_n

Roinnt den scaifte a bhí i láthair ag an seimineár Atógáil Phobal na Gaeilge in Áras Crónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath Dé Sathairn.

Bhí áthas orm nuair a chuala mé faoin tseimineár seo nó bhí na téamaí a bhí le plé ann praicticúil agus ag baint le habhar agus gan rian ar bith den teoiricíocht ag baint leo a bhíos ag baint le cúrsaí Gaeilge ró mhinic i mo thuairim.

San am chéanna níl a fhios agam an bhfuil mórán is féidir liomsa a rá libh ar an abhar a tugadh domhsa le labhairt air inniu nó baineann mo thaithí féin le treimhse a bhí ann i bhfád ó shin agus níl rud ar bith is lú ar dhaoine i mo thuairim ná sean duine a bheith ag ramhaillí ar aghaidh faoi rudaí a tharla fadó.

Ar scor ar bith ó tharla ann mé rannfaidh mé cúpla smaoineamh libh. Caoga bliain ó shin bhí cara liom a d’fhág Béal Feirste le dul a chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall. Bhí beirt pháistí aige a bhí sé ag tógáil le Gaeilge i mBéal Feirste. Ní raibh sé i bhfad sa Ghaeltacht gur bhuail sé le lanúin de chuid na háite a rinne iontas go raibh Gaeilge ag na páistí a bhí aige agus iad as Béal Feirste.

“Caidé mar atá Gaeilge ag na páistí ,” arsa lanúin na Gaeltachta “ó labhair muid Gaeilge leo agus iad sa bhaile i mBéal Feirste,” arsa mo chara.

“Tá sin go hiontach,” arsa lanúin na Gaeltachta, “Thug muid féin iarraidh ár gcuidse a thógáil le Béarla abhus ach theip orainn”.

Léiríonn an scéal beag sin is dóigh liom an tabhacht atá le comhluadar , cuideachta agus tacaíocht phobail i gcaomhnú teanga. Dá mó é an comhluadar teanga is amhlaidh is láidre í an chuideachta agus an cumas caomhnaithe teanga ann.

Bhí an lanúin Ghaeltachta sin ag rá gur theip orthu á dteaghlach a thógáil le Béarla ,ní de bharr easpa tacaíochta ón stát ná gan acht teanga a bheith ann nó gan Gaeilge a bheith ag statseirbísigh ach go raibh an comhluadar teanga sa tsochaí thart orthu chomh láidir sin nach dtiocfadh troid ina choinne go dtí sa deireadh gur thóg teanga an phobail seilbh ar theanga an tí.

An dtiocfaidh an tam achoíche go mbeadh se sin amhlaidh in áiteanna eile? An féidir pobal a chruthú taobh amuigh den Ghaeltacht a mbeadh an teanga chomh láidir sin ann go mba dheacair í a sheachaint?

Níl a fhios agam ach is cinnte gur sin raison d’eitre na lonnaíochtaí Gaeilge agus an cuspóir ar chuir muid romhainn caoga bliain ó shin i mBéal Feirste nuair a bhunaigh muid Gaeltacht Bhóthar Seoighe.

Bhí daoine i gcónai i mBéal Feirste a thóg teaghlach le Gaeilge ach is troid bhí ann an teanga a choinneáilt chun tosaigh agus iad timpeallaithe ag an bhéarla ar gach taobh.

I 1961 tháinig grúpa de lanúineacha óga le chéile a d’fhoghlaim an Ghaeilge ag Cumann Chluain Ard sa chathair agus a raibh sé ar intinn acu teaghlach a thógáil le Gaeilge nuair a thiocfadh ann dóibh ach rinne siad amach go rachadh siad céim amháin níos faide ná an dream a chuaigh rompu agus cruinniú le chéile in aon láthair amháin sa chathair le mbeadh an Ghaeilge ag á gcomharsa agus go gcluinfeadh na páistí an teanga á labhairt ag a macasamhail féin i dtimpeallacht nadúrtha.

Tá sin simplí go leor mar chuspóir agus ní ghlacann sé samhlaíocht ró mhór a bheith ag duine lena thuigbheáil. Dar leat mar sin gur bunú comharsanachtai Gaeilge an rud is túisce a thiocfadh chun chuimhne chuig dream ar bith a bhí ag smaoíneamh ar an teanga a athbheochan taobh amuigh den Gaeltacht má bhí said le troid i gcoinne tonn rabharta an Bhéarla atá ár mbualadh gach lá sa tseachtain.

Ní sin an rud a tharla dar ndóigh agus níor mhiste fios a bheith againn cá chuige. le céad bliain agus breis anuas rinneadh a lán leis an teanga a láidriú taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is iarrachtaí stáit a bhí i gcuid mhór acu sin ach san am chéanna níor tugadh faoí chomharsánachtaí Gaeilge a bhunú ach go hannamh.

Shílfeá ó thaobh bolscaireacha ná hathbheochana féin de gur ghá a chruthú don phobal go dtiocfadh an teanga a dhéanamh beo arís, ní amhain sa chóras oideachais agus in institiúidí de chuid an stáit ach mar chuid orgánach de shaol an phobail féin, pobal a bhí, ar an mhór chuid i bhfáthach leis an teanga ach a bhí in amhras go mór an dtiocfadh í athbheo áit ar bith mar an chéad chéim i dtreo a hathghabhála mar theanga náisiúnta.

Ní hé nach raibh daoine ann a thuig an rud nó go gearr i ndiaidh bunú an stáit ó dheas i 1922 thug rialtas cumann na nGael á mbeannacht do bhunú ‘páirc na Gaeltachta’ i dtuairsceart Bhaile Átha Cliath agus cé nár éirigh leis an scéim sin chruthaigh sé gur thuig daoine an ceanncheap .

Arbh é teip an tionscnaimh áirithe sin a rinne Gluaiseacht na Gaeilge faicheallach faoina leithéid a thríall arís? Cá fios? Ach níor cailleadh suim go hiomlán sa smaoineadh faoi lonnaîochtaí Gaeilge a bhunú nó nuair a foilsíodh ‘Tuarascáil an choimisiúin cum athbheochan na Gaeilge’ i 1963 mhol siadsan rud ar thug siad ”pobal aonad Ghaeilge ”air a bhunú fríd an tír ach go díreach cosúil le straitéis fiche bliain don Ghaeilge inniu níor cuireadh na moltaí i bhfeidhm ariamh agus tá na moltaí fiúntacha a rinneadh an tam sin ina luí áit éigin in oifigí rialtais ag cruinniú dusta. Scéal ár mbeatha go síoraí de réir cosúlachta.

Ar scor ar bith i 1936 rinneadh iarracht eile rialtais le rud éigin a dhéanamh nuair a háistríodh cúpla chéad duine aníar as Gaeltachtaí Iarthair na tíre go dtí Rath Cairn agus Baile Gibb i gcontae na Mí le ceantair Ghaeltachta a dhéanamh ansin.

Is cainteoirí dúchaise Gaelige a bhog go Co. na Mí dar ndóigh agus is áistriú pobal Gaeilge ó áit amháin go háit eile a bhí i gcéist agus ní Gaeltacht Uirbeach úr nua mar a bhí í gceist againne í mBéal Feirste agus ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Ard Barra i gCorcaigh i dtrátha an ama chéanna linn féin.

Bhí baint ag an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain le bunú Rathcarn sna tríochaidí ach is léir gur ag caint ar ar lonnaíochtaí uirbeacha Gaeilge a bhí sé nuair a dúirt sé, ”d’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann níl i mbaile mór amháin, sráid ,céide, corrán, ascaill ná scéim tithe dá laghad ata Gaelach ná leath- Gaelach féin.”

Agus san alt chéanna scríobh sé,”caithfidh muid baile mór a bhúnú muid féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní dodhéanta é. níorbh ea. Níor ghá ach áit feiliúnach a thoghadh sort cumann foirgníocht a bhunú na tithe a thógáil agus busanna a bheith ann le daoine a thabhairt isteach is amach chuig a gcuid oibre. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge: bunaidis féin é.”

Aon uair amháin a rinne muid féin amach i mBéal Feirste gur mhaith linn comharsánacht nua Ghaeilge a bhunú is rudaí praicticiúla a bhí ag cur as dúinn i ndiaidh sin agus bhí deireadh leis an teoiricíocht, rud a bhfuil faoíseamh ag baint leis igcónaí -gníomh seachas caint- nó ba é “ná habair é – déan é ” an mana a bhí againn.

Bhunaigh muid Comharchumann agus chuir muid ciste beag le chéile le daoine a cheangail leis an smaoineamh ar dhóigh fhoirmiúil nó go dtí sin ní raibh ann ach caint. Ba é an chéad rud a bhí le socrú againn ná líon na dtithe a thógfaimís le gur fiú pobal a thabhairt air.

Rinne muid amach go dtógfadh sé fiche teach le comhluadar ceart a dhéanamh agus d’iarr muid ar Ailtire Gaelach i mBéal Feirste, Seán Mac Goill , plean a dhearadh dúinn do na tithe mar aon le halla pobal a raibh muid ag dúil le scoil a dhéanamh as ar ball.

Rinne an tAiltire amach gur fá thuairim dhá acra a bheadh de dhith orainn don scéim agus chuartaigh muid thart le léadhb talaimh a aimsiú. Tharlaigh sé ag an am go raibh Cumann Lúth Chleas Gael i mBéal Feirste ag díol 12 acra de thalamh a bhí acu ag Bóthar Seoighe ar imeall na cathrach atá fá thuairim trí mhíle ón lár a bhí iontach fóirstineach don rud a bhí ar intinn againn.

Bhí CLCHG ag iarraidh an talamh a dhíol ina léadhb amháin ach ní raibh sé ar ár nachmhaoín 12 acra a cheannacht agus d’iarr muid ar bheirt iar Uachtarán de cuid an CLCHG, Ailf Ó Muirí agus Pádraig Mac Con Midhe labhairt ar ár son féachaint an mbainfeadh siad dhá acra as an díolachán agus iad a dhíol linne.

Thoiligh siad sin a dhéanamh. Bhí sin simplí go leor dar leat ach go fírinneach bhain sé ceithre bliana asainn a theacht chomh fada sin agus bhí go leor lanúineacha a tháinig agus a d’imigh le linn an ama sin de bharr nach raibh rudaí ag bogadh scoibthe go leor ach bhí baicle beag I gcónaí a d’fhán leis an aisling i rith an ama.

Bhí suíomh geallta dúinn fá dheireadh ach ní raibh airgead againn leis an talamh a cheannacht agus cuimhnigh gur gnáth oibríthe a bhí ionainn gan pinginn ar thús nó ar deireadh againn gan a bheith ag caint ar an £10,000 a bhí CLCHG ag iarraidh ar an talamh.

Ba ansin a fuair muid amach chomh tabhachtach agus a bhí caidreamh idir Gaeil nuair a bhí rud éigin tabhachtach le cur i gcríoch againn agus go fírinneach nach dtuigeann muid go minic an cuidiú agus an saineolas atá inár measc féin mar dhream ach muid cur le chéile.

D’iarr muid iasacht airgid ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge agus ainneoin nach mbímis i gcónaí ar aon intinn le chéile fá ghnótha Gluaiseacht na Gaeilge thuig said an rud a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh agus thoiligh said an t-iasacht a thabhairt ach muid barántas pearsánta a thabhairt go ndéanaimis é a áisíoc. rud a rinne muid.

Is maith liom a rá go ndearna muid an t-iasacht sin a áisíoc ina iomlán le himeacht ama. Dar ndóigh bhí caidreamh Ghael tabhachtach againn ó thús nó bhí Ailtire againn Seán Mac Goill go mba Ghael díleas é agus Dlíodóir chomh maith i Séamus De Napier go ndéana Dia a mhaith air a bhí sásta an obair uilig a dhéanamh ar chairde go raibh an tairgead againn le hiad a íoc, de bharr gur chreid siad sa rud a bhí ar bun againn agus is ar éigean go néireódh linn achabé iad.

d’iarr muid cead pleanála do fhiche teach agus halla pobail agus fuair muid sin. Faoin am seo ní raibh fágtha den chéad dream a chuir suim sa scéim ag an tús ach cúig theaghlach rud a d’fhág go raibh na costais uilig ag titim ar líon an bheag daoine agus ó tharla nach rabh deontais i gcéist in am ar bith bhí an tualach airgid do thús na scéime ag dul a bheith trom go leor.

Ar scor ar bith bhí an talamh inár seilbh agus cead pleanála againn agus d’iarr muid morgháistí le teach sraithe an duine a thógáil le ceithre sheomra luí agus gáirdín beag chun tosaigh agus ar chúl.

Bhí lucht morgháiste sásta go leor an t-airgead a thabhairt ach dar ndóigh ní scaoileann lucht morgháiste airgead ar bith go bhfuil an teach ag leibhéal an bhunurláir agus glacann sé airgead leis an teach a thabhairt go dtí sin.

Bhí baint againn uilig le Cumann Chluain Ard agus chuir muid gníomhais sheilbhe an chumainn i ngeall ar iasacht sa bhanc bíodh a’s nach raibh gach duine i gCumann Chluain Ard sásta le sin ar eagla go dtarlódh rud éigin agus go gcaillfí seilbh ar an chumann féin.

Nuair a mhínigh muid gur iasachtaí pearsánta ar gach teaghlach den chúigear a bhí i gcéist. Shíothlaigh an cheannairc agus bhrúigh muid ar agaidh. Mar is léir ón mhéid atá ráite agam go dtí seo bhí muid beo bocht agus ar an abhar sin chinn muid ar an obair uilig a stiúradh muid féin agus a oiread den obair a dhéanamh is a bhí ar ár gcumas.

Bhí sin crua ar mo dheartháir Seán a bhí ina shúinéir agus a mbéigean dó obair adhmaid chúig theach a dhéanamh é féin i ndhiadh dó a lá oibre féin a dhéanamh sa phost a bhí aige.

Féadaim a rá nach raibh lá saor ag duine ar bith againn le linn an ocht mí dhéag a bhí an cúig theach ag dul suas. D’iompar muid brící agus reitigh muid scafálra san oíche dona bríceadóirí an lá dar gceann.

Obair chrua a bhí ann ach i mí feabhra 1969 ,ocht mbliana i ndhiaidh dúinn toiseacht amach , bhog an chéad teaghlach isteach sa Ghaeltacht nua ar bhóthar seoighe agus i gceann roinnt seachtaine bhí cúig theaghlach ann. I 1970 thóg muid trí theach eile agus i 1971 bunaigh muid scoil. Thar na blianta tháinig daoine eile isteach go dtí nach bhfuil níos mó talaimh fágtha agus 22 teaghlach ar fad ina gcónaí ann idir óg agus aosta.

Rugadh páistí ann, tógadh teaghlaigh ann agus fuair daoine bás ann sin scéal comhluadar ar bith áit ar bith ach gurbí an Ghaeilge teanga na muintire ann.

Tá daoine a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Bhóthar Seoighe anois aráis ina gcónaí ann lena dteaghlaigh féin,rud a fhágann go bhfuil an tríú glúin de chainteóirí Gaeilge anois ag fás suas sa Ghaeltacht bheag seo i mBéal Feirste agus is cuma cad é a tharlaíonn don teanga sa chuid eile den tír sa todhchaí mairfidh an teanga beo ansin ar feadh fada go leor eile.

Bheadh daoine ann b’fhéidir a bheadh buartha go mbeadh siad ag dul isteach i saghas “commune” agus iad ag dul a chónaí i lonnaíocht nua Gaeilge ach ní sin an cleachtadh a bhí againn.

Ní raibh ach dhá riail againn féin ar feadh a bhain sé le Lonnaíocht Ghaeilge Bhéal Feirste an chéad cheann gurbh í an Ghaeilge teanga choitíanta an tí agus go gcaithfeadh teaghlach dearbhú a thabhairt i scríbhín go ndíolfadh siad an teach le teaghlach Gaelach eile dá mbéadh acu le bogadh agus bhog daoine amach ar chúiseanna éagsúla ach díoladh gach teach acu le teaghlach Gaelach eile i gcónaí.

Gidh gur dócha gur bhain sé beagán níos faide an teach a dhíol nó bionn an margadh do theach mar sin teoránta.Cé nach ndearna muid féin é is féidir iontaobhas tithíochta a bhunú a chinnteodh gur leis an phobal i gcoitine a chaithfí an teach a dhíol le bheith cinnte nach mbogadh duine ar bith isteach sa chomharsánacht nár mhaith leis an phobal?

Taobh amuigh de sin tá fiche dearcadh éagsúla ag daoine ann ar gach uile abhar agus easaontaíonn muid le chéile go minic ach tá muid diongbhálta go mbeidh an Ghaeilge mar an ceangail eadrainn i gcónaí .

Cionn is go raibh an tsaoirse sin ag daoine ar gach bealach sílim gur éirigh linn cuid mhór a bhaint amach i mBéal Feirste ó thaobh forbairt na Gaeilge de ach sin scéal do am éigin eile.

Is maith liom go bhfuil muintir Charn Tóchair as Contae Dhoire anseo inniu le labhairt ar an Ghaeltacht atá siad ag cruthú as an nua sna cnoic ós cionn bhaile Mhachaire Ratha. Moladh go deo leo . Is ceannródaithe iad ar go leor bealaigh agus eiseamláir don chuid eile den tír.

Mar fhocal scoir nach iontach an spreagadh agus tuar dóchais a bheadh ann agus muid ag druidim le bliain chomórtha Éirí amach na Casca dá gcuirfí tús le lonnaíocht nua Gaeilge i bPríomh Chathair na hÉireann agus ar láthair na réabhlóide a tharla ann céad bliain ó shin.

Is cinnte gur athraigh an saol go mór ó bunaíodh Gaeltachtaí Uirbeacha Bhéal Feirste agus Chorcaigh caoga bliain ó shin ach san am chéanna tá rudaí ann a fhánann buan seasmhach is cuma cad é an treimhse atá i gceist. Is ón phobal aníos a chaithfeadh an treoir agus an spreagadh a theacht le lonnaíocht nua Ghaeilge a bhunú.

Comh dócha lena mhalairt is daoine faoi bhun caoga bliain de aois a thabharfadh faoi. Ba mhaith freisin go mbeadh buntáiste abharach ag baint le daoine cinneadh a dhéanamh dul a chónaí inti.

Ba mhór an gar dá bhfaighfí cuidiú ó chiste poiblí éigin le suíomh a cheannacht nó le seirbhisigh a chuir isteach tágadh sé sin ón sparán phoiblí i nÉirinn nó ó chistí éigin de chuid na hEorpa. Tá a leithéid ann.

Fuair muid féin amach i mBéal Feirste nach miste buntáiste airgid a bheith ag baint leis an idéalachas corr uair. Cé gurbh iad na chéad teaghlaigh a chuir tús le scéim Bhéal Feirste a chuir an tairgead uilig ar fáil leis an scéim a thionscnamh.

Fuair daoine a tháinig isteach ar ball suíomh tí saor i naisce nuair a bhog siad isteach agus ba mhór an cuidiú é sin don dream a ba dheireánaí a tháinig isteach ocht mbliana ó shin nó ba theaghlaigh óga iad uilig nach raibh i bhfad pósta agus gan mórán airgid acu agus b’ionann é agus deontas saor in aisce de £30,000 a fháil leis an teach a thógáil , cé gur ón chomhluadar féin a tháinig sé agus ní ó chiste poiblí ar bith.

Tá mé cinnte go mbeadh corr theaghlach ina measc nach mbeadh sé ar a n-achmhainn b’fhéidir teach a thógáil gan an cuidiú sin.

Sa deireadh má shíleann duine ar bith go mba bhuntáiste praicticúil don athbheochan é comharsánacht nua Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Chliath nó in aon áit eile tá reamh shámpla ann ag dul i bhfad siar i mBéal Feirste agus i gCorcaigh agus sa lá atá inniu féin ann i gCarn Tóchair i gContae Dhoire.

Ní glacann sé ina dhiaidh sin ach toil, comhoibriú agus cur chuige éifeachtach lena chur i ngníomh.

Leis an fírinne a dhéanamh tá sibh leath-bhealach ann cheana féin más fíor an scéal a leigh mé ar gur bhunaigh Comhluadar comharchumann roinnt bliana ó shin daon ghnó le comharsanacht nua Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath agus go raibh 15 teaghlach ag baint leis, i bhfad níos mó ná a bhí againn féin i mBéal Feirste caoga bliain ó shin.

Is féidir go gcluinfidh muid inniu caidé mar atá sin ag dul chun tosaigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:51:16

Admin/login Comments RSS

ILBF