An Comhaontas Glas ag iarraidh go mbeadh reifreann ann faoi Uisce Éireann

Nuacht24

Deir an Comhaontas Glas go mba cheart go mbeadh reifreann ann maidir le príobháidiú seirbhísí soláthar uisce. Ba mhaith leo go gcuirfí alt leis an bhunreacht ag cosc príobháidiú nó saothrú ar bhonn tráchtála seirbhísí uisce. Beidh dáréag comhairleoir an pháirtí ag moladh rún ar na comhairlí éagsúla a bhfuil siad páirteach ann agus beidh an páirtí ag brú na ceiste ar fud an stáit. Ghlac Eamon Ryan, ceannasaí na nGlasach, le taillí uisce nuair a bhí comhchainteanna ag dul leis an Troika maidir le hiasacht ón Aontas Eorpach/Ciste Domhanda. Ach dar leis gur shíl sé nach mbeadh brí lena sheasamh mar go gcuirfeadh Páirtí an Lucht Oibre cosc ar thabhairt isteach na dtaillí. Ó shin tá sé ag cur go rialta i gcoinne dtaillí uisce.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 22:54:00

Admin/login Comments RSS

ILBF