An chaint a rinne Seán Ó Cuirreáin ag an Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

ealaíona, gné-ailt/tuairim, Nuacht24

 

 

 

 

Nótaí Cainte; An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 23 Eanáir 2014, 2.15pm.

 

A chathaoirligh agus a dhaoine uaisle,

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt daoibh as bhur gcuireadh teacht in bhur láthair inniu. Nuair a labhair mé le comhchoiste eile de chuid Thithe an

Oireachtais i dtús na míosa seo caite, níor

mheas mé go mbeinn ar ais anseo arís inniu ach is mór an onóir agus an phribhléid dom bhur gcuireadh a fháil. D’fhógair mé anseo i dtús mhí na Nollag go raibh cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teang

a mí ón lá inniu, ar an 23 Feabhra, tráth a

mbeidh 10 mbliana caite agam i mbun chúraimí na hOifige sin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas ó chroí a thabhairt do gach duine a rinne teagmháil liom ó shin; is mór agam na teachtaireachtaí dea-mhéine ar fad a tháini

g chugam go háitiúil, go náisiúnta agus go

hidirnáisiúnta.

Sula ndírím ar an phríomhábhar cainte anseo inniu – an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – ba mhaith liom na cúiseanna a ndearna mé an cinneadh seasamh siar ó bheith i mo Choimisinéir Teanga a chur faoi bhur mbráid. Go bunúsach, thuig

mé i mo chroí istigh gur beag eile a

d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tréimhse ama dhá bhliain a bheadh fágtha agam sa phost.

Imeallú na teanga

Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar

cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta.

Tá dul chun cinn áirithe déanta le 10 mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i

bhfeidhm – go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i

stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an Oifig s’againne ann mar thaca aige sin.

Ach tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe

méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le

Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta:

“Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”. Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht Teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú, is é sin, foilsiú ‘chinn an bhille’, tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an spri

oc nua d’fhoilsiú na leasuithe. Rinneadh

cinneadh m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na

seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo.

Creidim nár tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.

Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na

Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár

cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.

Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtac a le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus

a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le

cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann.

An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill. Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart.

Tá tús curtha anois le próiseas le Coimisinéir úr a cheapadh agus guím gach rath agus beannacht ar cibé duine a bheas mar chomharba agam.

 

An Straitéis

Tuigim go bhfuil fócas ar leith agaibhse mar Fhochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhfuil fonn oraibh go ndíreoinn cuid áirithe de mo chuid cainte ar an ábhar sin inniu.

Ghlac mé páirt ghníomhach in ullmhú na Straitéise – d’fhoilsigh mé moltaí ar an ábhar agus chas mé leis an ghrúpa saineolaithe idirnáisiúnta a bhí

curtha le chéile le comhairle a sholáthar i dtaca le dréachtú na Straitéise féin.

Dúirt mé – agus mé ag seoladh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008 – go bhféadfadh feidhmiú na Straitéise a bheith ar na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach thug mé an rabhadh an-soiléir

seo fosta ag an am:

“Tá sé tábhachtach nach ligfimis i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín

féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann

scríbe.”

Dúirt mé an bhliain ina dhiaidh sin go mbeadh sé riachtanach go gcuirfí tús éifeachtach agus gasta le cur i bhfeidhm iomlán na Straitéise agus mura raibh sin le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálach

a inmholta roimhe sin, go mb’fhearr dá

gcaithfí i leataobh láithreach í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaigh in áit focail mhilse, a dúirt mé ag an am.

An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm?

Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ac

h an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:49:35

Admin/login Comments RSS

ILBF