5 ainmniúchán faighte ag Raidió na Gaeltachta ar na gearrliostaí d’Fhéile na Meán Ceilteach

ealaíona, Nuacht24

5 ainmniúchán do RnaG ag Féile na Meán Ceilteach Tá cúig ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na gearrliostaí d’Fhéile na Meán Ceilteach a fógraíodh inniu. Tá Cormac Ó hEadhra ainmnithe ar an liosta do Láithreoir na Bliana; tá An Taobh Tuathail ar an liosta sa rannóg Ceoil; tá an clár Cuairt ar Ghaza a rinne Eibhlín Ní Chonghaile ar an liosta do Chlár Faisnéise na Bliana; tá Spórt an Luain san iomaíocht don Chlár Spóirt is fearr; agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh do Stáisiún na Bliana. As an Cheathrú Rua ó dhúchas do Chormac Ó hEadhra, agus cuireann sé an clár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig i láthair ó Bhaile Átha Cliatha ó Luan go hAoine. Bronnadh an duais do Láithreoir Raidió na Bliana ar Chormac ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais anuraidh. Cian Ó Cíobháin a chuireann an clár An Taobh Tuathail i láthair gach oíche ó Luan go hAoine ag 9 pm. Tá an clár ar an aer le 14 bliain, agus deir Cian go bhfuil sé fós ag baint an oiread sásaimh as agus a bhí an chéad lá riamh. As an Ghráig in iarthar Chiarraí do Chian ó dhúchas, ach tá cónaí air i gcathair na Gaillimhe le blianta fada anois. Thug an t-iriseoir Eibhlín Ní Chonghaile cuairt ar Ghaza sa bhliain 2012 leis an eagraíocht charthanachta Galway Palestine Children’s Appeal. Clár faisnéise faoin turas sin atá i Cuairt ar Ghaza, a craoladh i mí Eanáir 2013, a thugann léargas dúinn ar shaol mhuintir Gaza, agus ar na deacrachtaí laethúla a gcaithfidh siad dul i ngleic leo. As Doire Né i gCasla d’Eibhlín ó dhúchas, agus bronnadh an duais do Láithreoir na Bliana uirthi ag Féile na Meán Ceilteach anuraidh. Bíonn an clár Spórt an Luain le cloisteáil i sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltacha. Is é iar-chaiptín Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a chuir an clár seo i láthair i 2013. Rinneadh scagadh agus dian-iniúchadh ar imeachtaí spóirt an deireadh seachtaine ar an gclár, go háirithe cluichí CLG, ach bhí réimse leathan spóirt faoi chaibidil lena chos sin idir. As Baile na hAbha i gCorca Dhuibhne do Dhara ó dhúchas, agus tá sé ag obair le Raidió na Gaeltachta ó 1999. Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a ngearrliosta do Stáisiún Raidió na Bliana. Beidh siad san iomaíocht le cúig stáisiún eile don ghradam – Raidió na Life, BBC Radio Cymru, BBC Radio Foyle, BBC Radio nan Gàidheal, agus Manx Radio. Bronnadh an gradam seo ar Raidió na Gaeltachta i 2011 agus 2012. Fógrófar na buaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach i St Ives sa Chorn ag tús mhí Aibreáin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:39:40

Admin/login Comments RSS

ILBF