30 seanduine marbh i dtine in Quebec

ealaíona, Nuacht24

Is baol gur cailleadh 30 seanduine nuair a tharla tine ag áras na seandaoine i mbaile L’Isle-Verte, soir ó thuaidh de Montreal. Daoine os cionn 85 bliain d’aois a mbunús agus cé gur éirigh le lucht tarrthála thart faoi 25 duine a thabhairt amach as an áras tá 30 nó mar sin gan tásc ná tuairisc go fóill agus an tuairim go coitianta gur maraíodh iad. Tá uisce atá ag siocadh ar smionagar an fhoirgnimh agus ar na bóithre thart timpeall ag déanamh níos deacra é dul ar aghaidh leis an oibríocht chun coirp a aimisiú dar le lucht tarrthála. Dúirt an tAire Gaetan Lelievre le Radio-Canada gur tragóid is tubaiste mhillteanach a bhí ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 17:01:28

Admin/login Comments RSS

ILBF