Vótáil 72% de dhaoine óga 16/17 ‘Tá’

gné-ailt/tuairim, nuacht, Nuacht24

Bhí sé soiléir ar maidin inniu, dé hAoine, go raibh claontaí sonracha sa patrún vótála in Albain inné.

Ar na rudaí a ba shonraí vótáil 72% de dhaoine óga 16/17 bliain d’aois ar son neamhspleáchais, rud a thógfaidh misneach lucht ‘Tá’ agus a bheidh ina údar imní do lucht ‘Níl’ nó má fhanann na hógánaigh seo gníomhach sa pholaitíocht beidh tionchar nach beag acu ar chúrsaí amach anseo.

Agus iad ag meas ar tharla beidh lucht ‘Tá’ ag mfiafraí díobh féin cad é an dóigh nár bhraith siad go raibh ollscair den phobal ag dul a theacht amach ina gcoinne. Creidfeá in amanna ó na meáin sóisialta, ón fheachtas sráide agus ó feiceálacht is brí lucht ‘Tá’ gur acu an tromlach. Cé gur dhearbhaigh lucht geallglacadóra, gach duine acu, agus  pobalbhreitheanna ina scórtha, corradh is nócha acu, thar tréimhse dhá bhliain go mbeadh an bua ag lucht ‘Níl.’  An raibh siad as teagmháil lena raibh ag tarlúint ar leibhéal an ‘tromlach ciúin’ sin a tagraíodh dó go minic.

De réir Paul Mason, Channel 4 News, gur spreag an SNP a lucht tacaíochta, gur éirigh leo lena chois i roinnt ceantracha uirbeacha scair vótóirí a thógáil ar shiúil ó Pháirtí an Lucht Oibre agus gur mheall  siad lena chois scair nach beag de na vótóirí 16/17 bliain.

Ach seachas sin níor éirigh leo dul i bhfeidhm ar tromlach lucht tuaithe nó ar tromlach an mheán aicme nó ar dhaoine níos aosta, nó ar scair mhór eile den lucht vótála. Mar sin níor éirigh leo an ‘Éifeacht Obama’ a chruthú.

Ar an taobh eile den scéal d’oibrigh an ‘Scanradh Mór’ go hiontach maith do lucht ‘Níl.’  Go háirithe trí cothú amhrais faoina tharlódh don NHS, pinsin, jabanna srl.

Ní thig le lucht ‘Níl’ dul thar fóir leis an cheiliúradh áfach. Ní fada go mbeidh olltoghchán sa Bhreatain ann, toghchán tionóil, agus seans, reifreann faoin Eoraip. Agus is contúirt gach ceann acu sin do na páirtithe a chuir i gcoinne neamhspleáchais. Nó cé go bhfuil an taoide ag trá faoi láthair is cinnte go bhfuil an taoide níos treise agus níos fadmhairstin ná mar a bhí sé riamh roimhe agus gach seans gur láidre arís a bheidh sé nuair a thiocfaidh sé i dtír an chéad uair eile.

Léirigh an feachtas reifrinn in Albain an dóigh a bhfuil lagmhisneach ar go leor de thacaithe Páirtí an Lucht Oibre (cé gur chuir Gordon Brown is Jim Murphy borradh ann i dtreo dheireadh an fheachtais) agus go mbeidh ar Pháirtí an Lucht Oibre in Albain ‘athbhrandáil’ ar fad a dhéanamh orthu féin má tá siad le teacht i dtreis sna cathanna a bheidh acu go rialta amach anseo leis an SNP. Tá fadhb ar leith acu sna ceantracha uirbeacha, Glaschú go háirithe.

Agus tá rud nua i ndiaidh tarlúint nach bhfuil smacht ag aon pháirtí polaitiúil air.

Tá gluaiseacht i ndiaidh teacht chun tosaigh in Albain a dhiúltaíonn don gnáthleagan amach polaitiúil, bíodh SNP, Lucht Oibre,  nó eile i gceist. Gluaiseacht neamhspleách a ghníomhaíonn ní amháin trí gníomh pholaitíocht traidisiúnta ach a eagraíonn é féin sna meáin sóisialta, sa saol ealaíonta/cultúrtha, thart timpeall ar fheachtais agus le gníomh sráide bíodh sin ag baint le Gaza nó ‘Foodbanks’,  le léirsithe i gcoinne an BBC nó le cur i gcoinne cíosanna arda ar tithe. Gluaiseacht arbh iad ceisteanna bochtanais is sóisialta is dushaothrú an clár oibre is mó acu.

Ní fios an mbeidh an acmhainn nó an cur chuige ag an dream seo chun comhghuaillíocht pholaitiúil nua a thógáil, faoi mar atá déanta ag an comhghuaillíocht de Theachta Neamhspleácha nó ‘Eile’ ó dheas.

Ní fios go fóill i bhfírinne cén tionchar a bheidh ag vóta na hoíche aréir ar an pholaitíocht in Albain.

An é gur seo an uasphointe don SNP agus don ghluaiseacht a tógadh thart timpeall orthu? An cinnteoidh na vótóirí nua seo atá 16/17 mbliain d’aois anois, go gcaithfidh siad vóta an chéad uair eile? An mbeidh na daoine fasta atá i ndiaidh clárú do vóta den chéad uair riamh gaibhte san obair stócaireachta is polaitiúla idir seo agus an chéad toghchán eile?  An mbeidh iad sin a bhí ciniciúil faoin pholaitíocht roimhe seo ach atá gníomhach anois, an  mbeidh siad ag leanúint leis an fhuinneamh agus brí céanna is a bhí le sonrú le roinnt míonna anuas?

Brathann sin go pointe orthu féin agus a gcoimitmint chun an sochaí a athrú. Próiseas a bhíonn fada frustrach go leor in amanna. Agus beidh cuid mhór ag brath fosta ar cad a dhéanann rialtas na Breataine agus bunaíocht Westminster. An seasfaidh an triúr ceannaire Westminster lena ngeallúint go dtabharfar cumhachtaí sonracha bhreise do Holyrood. Agus an ndéanfar sin go luath.

An bhfanfaidh Alex Salmond i gceannas ar an SNP?

Tá oiread ceisteanna i ndiaidh reifreann an lae inné agus a bhí ann roimhe.

Am corrach d’Albain.

Agus mar gheall ar an dóigh a fuair an reifreann seo greim ar shamhlaíocht an phobail, agus go háirithe ar an chosmhuintir i go leor tíortha eile, am corrach a bheidh ann do chuid mhór tíortha san Eoraip amach anseo.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 11:22:45

Admin/login Comments RSS

ILBF