Vóta na hÉigipte – gan ach toradh amháin ceadmhach

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá reifreann faoi bhunreacht nua á reáchtáil san Éigipt inniu, bunreacht a chuirfear in áit an bhunreacht a thug an iarUachtarán Mohamad Morsi agus a rialtas isteach anuraidh. Tabharfaidh an bunreacht nua cumhachtaí breise don arm, coscfaidh sé poibliú eolais faoi bhuiséad an airm agus cuirfidh sé le dlíthe is srianta ar lucht agóide. Meastar go bhfógróidh an Ginearál Abdel Fattah el-Sisi, a bhí i gceannas ar chur as cumhacht an chéad rialtas pobalthofa le fada an lá, meastar go bhfógróidh ceannaire an airm go luath go bhfuil seisean chun dul chun tosaigh don Uachtaránacht. Tá 53 milliún duine i dteideal vóta a chaitheamh agus ní léir cad é an vóta a bheidh ann nó tá dlí míleata, nach mór, i bhfeidm san Éigipt ó lár na bliana seo caite agus buairt ar dhaoine a fhógairt go bhfuil siad i gcoinne na bunreachta nua.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive