Vóta 2m+ sa Chatalóin, 80% ar son neamhspleáchais

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí corradh is 80% den 2m+ duine a vótáil i reifreann faoi neamhspleáchas sa Chatalóin inné i bhfách le neamhspleáchas a bheith ann. Bhí 5.4m duine i dteideal vóta a chaitheamh agus chaith tuairim is leathchuid acu vóta. Rinne siad amhlaidh ainneoin nach raibh foirgnimh le rialtas na Spáinne curtha ar fáil don reifreann agus go raibh rialtas na Spáinne ag déanamh gach a dtiocfadh leo chun an imeacht a chur ó mhaith. Cé nach bhfuil stádas oifigiúil leis an reifreann feiceann na Catalónaigh é mar chéim i dtreo an neamhspleáchais. Dar le Príomh Aire na Catalóine, Artur Mas, gur éirigh thar barr leis an reifreann seo agus gur léir don tsaol anois go mba cheart go mbeadh reifreann oifigiúil ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:37:16

Admin/login Comments RSS

ILBF