‘Unravelling Oliver’ b’fhiú go mór tabhairt faoi – léirmheas le Gearóid Ó Cairealláin

ealaíona, gné-ailt/tuairim, nuacht, Nuacht24

Tá mé díreach i ndiaidh ‘Unravelling Oliver’ a léamh, úrscéal le Liz Nugent, údar nua thagtha as Baile Átha Cliath, agus beidh sé mhí ar a laghad de dhíth orm le teacht chugam féin dá bharr! Thiocfadh dó nach mbeidh mé ar mo sheanléim choice go deo arís nó tá leoraí céad tonna i ndiaidh mo chuid mothúchán a bhualadh ag ochtó míle luais san uair.
Gan dabht ar domhan caithfidh gur seo ceann de na píosaí ealaíne is coscartha dár cruthaíodh riamh.
Baineann sé uilig le fear dárbh ainm Oliver Ryan agus a bhean chéile Alice, dís atá ag croílár baicle de chairde óga i mBaile Átha Cliath.
Scríobhann Oliver, aka Vincent Dax, leabhair do pháistí agus solathraíonn Alice líníochtaí dóibh. Le himeacht ama éiríonn go mór le leabhair Oliver. Déantar leaganacha stáitse agus scannáin agus saothraíonn sé moll airgid astu. Ansin oíche amháin ar chúis nach dtuigtear go dtí an deireadh ionsaíonn sé a bhean chéile gheanúil agus bualann sé go smior í ar dhóigh a fhágann in Aonad Dianchúraim í. Beagnach gur fhág seifteanna an údair mise san ICU nó ligeann sí don léitheoir aithne agus aithne rímhaith a chur ar gach carachtar – an bunbhaicle ar dtús agus ansin na carachtair nua de réir a chéile. Le sraith monalóga spreagtar comhbhá agus gean iontu. Mar sin de nuair a tharlaíonn drochrudaí dóibh, mothaíonn tú go pearsanta é, amhail is gur den bhaicle céanna tú féin nó gur do theaglach s’agatsa iad.
Tugann tú grá, (sea, grá!) d’Oliver Ryan díreach mar a dhéanann gach duine sa leabhar. Os cosúil gur bhuaigh an t-údar duais i gcomórtas le haghaidh an chéad líne dá scéal b’fhiú é a lua anseo, ‘I expected more of a reaction the first time i hit her.’
Bhí an leabhar seo ar bharr an liosta de díolacháin leabhair le mí nó mar sin anuas ach ní inseoidh mé tuilleadh den scéal duit. Fáigh duit féin é!
Ceannaigh é, goid é, triail an leabharlann nó an Kindle. Ach ar cibé dóigh fáigh cóip. Níl aon seans go dtabharfainn mo chóip dui tar iasacht mar tá a fhios agam nach bhfaighfinn ar ais é. Ach sin fadhb s’agatsa. Glac le mo chomhairle, cibé slí gur féidir leat léigh an leabhar seo, ‘Unravelling Oliver’ le Lix Nugent ar na fhoilsiú ag Penguin Ireland.
Dála an scéil chuala mé ráfla – chan é ach gaoth an fhocail – is é sin le rá gur dúirt bean liom nach bhfuil sé as an áireamh ag an phointe seo go ndéanfadh leagan Gaeilge de a chur ar fáil amach anseo.
Coinnigh súl ar an spás seo!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:01:03

Admin/login Comments RSS

ILBF