Uachtarán Peres Iosrael – ‘níor thug siad na páistí ar shiúil’

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ionadaithe ó rialtas na hÉigipte ag caint le hionadaithe Hamas agus páirtithe eile inniu faoi shos cogaidh i ndiaidh do réamhbhabhta cainteanna idir an Éigipt agus Iosrael críochnú ar maidin inniu. Níl aon taobh ag tacú fós le tuairisc an BBC, a  thug oifigeach Iosraelach dóibh más fíor, go bhfuil sos cogaidh le tosú ar 6.00 maidin Aoine. Dar le Hamas nach eol dóibh aon rud faoi seo agus dar le foinsí eile nach bhfuil a leithéid ar na gaobhar nó go bhfuil cainteanna ag dul ar aghaidh agus ansin go mbeidh ar thoscairí éagsúla tuairisc a thabhairt ar ais chuig a gceannairí. Mhair sos cogaidh gairid, a socraíodh faoi stiúir na Náisiúin Aontaithe, mhair sé 5 uair a chloig inniu in ainneoin do thuairisc gur scaoileadh dhá mhortaer ó Gaza agus ar ball cúpla sliogáin ó Iosrael. Tá tuairiscithe ann gur thosaigh an chogaíocht ar chríochnú an sos cogaidh ar 1.00 am na hÉireann inniu.

Ghabh Shimon Peres, Uachtarán Iosrael, leithscéal srianta ar maidin as Iosrael a bheith ag marú ceathrar buachaill a bhí ag imirt peile ar thrá Gaza inné. Dar leis gur brón le hIosrael marú na bpáistí agus go ndéanann Aerfhórsa Iosrael gach ar féidir leo chun nach marófaí sibhialtaigh ach dar leis go raibh an locht ar na Palaistínigh féin ‘nár tugadh amach na páistí.’ Cáineadh na maruithe fud na cruinne agus tá Iosrael go mór faoi bhrú ó thaobh na poiblíochta de.

Ach dúirt idir urlabhraí rialtas Iosrael Mark Regev, agus an iarUachtarán ar Mheiriceá, Bill Clinton, go bhfuil Hamas ‘ag tabhairt ar Iosrael’ sibhialtaigh a mharú in Gaza trí bheith ag ceilt ina measc.

Ach in ainneoin sin tá Iosrael ag mearbhú ar shos cogaidh nó ar ionradh cheart ar Gaza anois agus Hamas i ndiaidh a chruthú nach féidir iad a chloí ón aer.

Dé Sathairn beidh mórshiúlta ann i mbaile is cathracha fud fad na hEorpa agus níos faide i gcéin. Beidh na ceardchumainn ó thuaidh ag eagrú mórshiúil ag Halla na Cathrach Bhéal Feirste ar 3.00 tráthnóna. i mBaile Átha Cliath tosóidh an mórshiúil ag 2.00in ag an Spice i Sráid Uí Chonaill.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:45:26

Admin/login Comments RSS

ILBF