Trodairí ISIS i ndiaidh manaigh a ruaigeadh ó mhainistir 1,000+ bliain d’aois

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ghabh trodairí ISIS mainistir ón 4ú aois, Mar Behnam, i dtuaisceart na hIaráice inné agus dhíbir na manaigh ansin. D’impigh na manaigh orthu ligean dóibh roinnt de na iarsmaí ansin a thabhairt leo ach dhiúltaigh na trodairí sin a cheadú agus bhagair orthu imeacht. Tá an mhainistir in aice le baile Críostaíoch Qaraqosh agus tá buairt ar an phobal ansin go mbeidh ISIS á n-ionsaí ar ball. Ag an deireadh seachtaine dhíbir ISIS Críostaithe amach as Mosul, chuir teach an phobail 1,800 bliain d’aois le tine agus scrios iarsmaí is uaigheanna. Is é seo an chéad uair lena stair go bhfuil Mosul gan Críostaithe.  Tá ISIS maíte ar Caliphate Ioslamach nua a chur ar bun a chuimseodh cuid mhór den Iaráic agus den Siria.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:45:19

Admin/login Comments RSS

ILBF