Triúr marbh, 13 gortaithe in eachtra in oirthear na hÚcráine

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh triúr tacaí de chuid na Rúise agus gortaíodh triúr déag eile nuair a scaoil saighdiúirí orthu agus scaifte, de réir dealraimh, ag iarraidh seilbh a thógáil ar phort Mariupol. Tá sonraí faoin ar tharla gann agus gach taobh ag cur a leagan féin den scéal ar fáil ach gan amhras cuirfidh na maruithe go mór leis an teannas atá ag borradh aníos le roinnt laethanta anuas in oirthear na hÚcráine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 10:02:56

Admin/login Comments RSS

ILBF