Trí scór is breis marbh, trí scór is breis ar iarraidh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le Cumann na Croise Deirge san Céinia go bhfuil ag druidim le 70 duine marbh san ionsaí a rinneadh ar stua siopadóireachta in Nairobi agus go bhfuil tuairim is 65 duine ar eol iad a bheith ar iarraidh go fóill. Meastar go bhfuil roinnt de na daoine seo á gcoinneáil ina ngialla ag baill den ghrúpa Al Shebab a d’ionsaigh an stua siopadóireachta Dé Sathairn. Bhagair arm na Céinia roinnt uaireanta go bhfuil siad chun ionsaí mhór a dhéanamh féacháil leis an eachtra a thabhairt chun deiridh ach níor tharla sin fós, cé gur chualathas scaoileadh agus pléascáin i rith na hoíche. Bhí mac le iarAmabasadóir na Céinia in Éirinn orthu sin a maraíodh. Bhí  Mbugi Mwangi, mac leis an iarAmbasadóir, Catherine Muigai Mwangi, ag siopadóireacht lena páirtnéir,  Rosemary Wahito, nuair a mharaigh gunnadóirí iad. Bhí siad le pósadh go luath.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:34:12

Admin/login Comments RSS

ILBF