Torraimh agus teannas i gCaireo

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ardslándáil fud Chaireo agus 51 duine á gcur inniu agus amárach. Beirt shaighdiúir a bhí orthu sin a maraíodh Dé Luain ach ba thacaithe leis an Bhraithreachas Moslamach beagnach gach duine eile acu, sibhialtaigh a bhí páirteach I léisiú taobh amuigh de cheannáras an Gharda Phoblachtaigh. Beidh na sluaite amuigh inniu do na torraimh agus beidh mórshlándáil ann. Thug ceannairí áirithe de chuid an Bhraithreachais le fios ar maidin nach bhfuil siad chun a bheith páirteach sa phlean atá dreachtaite ag an arm chun bogadh I dtreo rialtas neamhmhíleata I gceann ceithre mhí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 12:32:24

Admin/login Comments RSS

ILBF