Toghchán san Iaráic – nach n-athróidh mórán

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh rogha 9,012 iarrthóir ann agus ollslándáil fud chuid mhór den tír ach níl dreim le mórathrú bisigh mar gheall ar an toghchán san Iaráic chun rialtas a roghnú. Bhí dá théarma chéana féin ag Nuri al-Maliki, fear de na ceannairí is láidre ag an phobal Shia. Ach go fiú anois agus saighdiúirí eachtrannacha bailithe leo, tá an forneart sa tír ag méadú as cuimse seachas ag trá, tá an folús polaitiúil chomh dona is a bhí riamh agus tá éadóchas seachas dóchas fairsing. Níl amhras ar mhórán go mbeidh ról lárnach ag Nuri al-Maliki agus a pháirtí i rialtas nua nó d’fhan an páirtí sin aontaithe in ainneoin na mórathruithe sa tír agus dhírigh siad ar bhagairt Al Qaeda is na trodairí Sunni chun scair nach beag den phobal Shia a choinneáil leo. Tá polaiteoirí Sunni is polaiteoirí Coirdíneacha ag dul san iomaíocht leis an Uasal al- Maliki ach tá scair nach beag den phobal Sunni nach mbeidh ag caitheamh vóta. Cionn is a míshásamh faoi al – Maliki agus na líomhaintí ina choinne maidir le glacadh le forneart na Shia agus calaois. Nó cionn is go bhfuil sé róchontúirteach dul ag vótáil. Ní bheidh aon vótáil ann ar chor ar bith i gcuid mhór de chúige Anbar, áit a bhfuil trodairí Sunni agus trodairí atá le Al Qaeda na hIaráice, ag troid ar bhonn laethúil le harm na hIaráice. Agus fud na tíre tá an forneart ina chúlbhrat don toghchán seo. Comhlíonadh critéir an daonlathais an príomhchúis go mbeidh an toghchán ann. Níl mórán ag dreim le mórathrú dá bharr. Agus is cinnte nach mbeidh tionchar mór aige ar an fhorneart, a eascraíonn cuid de as an leatrom a imríodh ar an phobal Sunni, ar 35% den phobal iad, ó cuireadh ruaig ar Saddam Hussein.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 02:28:47

Admin/login Comments RSS

ILBF