Tionól Píobaireachta Chumann Ceoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste

nuacht

Belfast TradAr an 7 Márta 2015 reáchtálfar an 23ú Tionól Píobaireachta de chuid Chumann Ceoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste. Beidh an Tionól ar siúl ag 1:00in sa Droichead ar Shráid Cook, Béal Feirste. I láthair ag an Tionól beidh na sárphíobairí Emmet Gill agus Pádraig McGovern. Chomh maith leis sin, beidh ceardlann déanta giolcach ann le Robbie Hughes a bhfuil ardmheas air mar dhéantóir píob uilleann.

Beidh na ceardlanna ar siúl san iarnóin idir 1:00in agus 5:00in. Beidh an cheolchoirm, “Cathaoir an Phíobaire” ag toiseacht ar a 8:30 sa Droichead.

Beidh costas £15 ar na ceardlanna nó £12 do bhaill BelfastTrad.

Tá an cheolchoirm saor in aisce agus is féidir do dheochanna féin a thabhairt leat.

Tuilleadh eolais le fáil anseo:

http://belfasttrad.com/?tribe_events=23rd-annual-belfast-piping-tionol

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive