Tikrit faoi smacht trodairí Ioslámacha na hIaráice, Kirkut faoi léigear

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tikrit faoi smacht trodairí Ioslámacha na hIaráice, Kirkut faoi léigear

 

Thapaigh trodairí ag an Arm Ioslámach in Iaráic agus an Leiveaint a mbua in Mosul inné chun leanúint lena n-ionsaithe i lár agus i dtuaisceart na hIaráice inniu. Ghabh siad cathair Tikrit, baile dúchais Saddam Hussein agus bunáit de chuid na dtrodairí Sunni, agus thosaigh ar ionsaí Kirkut, atá ar na bailte ola is mó sa tír. Cé gur throid saighdiúirí de chuid an airm ina gcoinne i roinnt ceantracha i gceantracha eile theith siad de rogha ar throid. Tá buairt ar an rialtas anois go leanfaidh na trodairí leo, faoi mar a rinne an Talaban an t-am ar tháinig siadsan i gcumhacht san Afganastáin, agus go ngabhfaidh siad tuilleadh cathracha is bailte roimh thabhairt faoi ionsaí na príomhchathrach. Léirigh an dul chun tosaigh atá déanta ag cúpla míle trodaire, agus na mílte príosúnach ar shaoraigh siad sna bailte a ghabh siad, léirigh a ndul chun tosaigh laigí arm na hIaráice agus easpa eagair is spreagaidh an phéas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:51:25

Admin/login Comments RSS

ILBF