Taighde á lorg faoi scoilteadh hiodrálach (fracáil) i ndiaidh 300 crith talún beag i gceantar i dTexas

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an Railroad Commission, dream acu sin atá freagrach as rialáil scoilteadh hiodrálach (fracáil)  i dTexas i ndiaidh tuairiscithe a lorg ar bhonn laethúil seachas ar bhonn bhliaintiúil ó na comhlachtaí atá i mbun na tochailte. D’éiligh siad an uasdatú rialta seo  mar gheall ar mhéadú nach beag ar an líon crith talún a tharla i gceantracha i dtuaisceart Texas ó thús na bliana seo. Tharla roinnt de na critheanna i gceantracha mar nár tharla crith talún roimhe seo.  Tá níos mó gléasanna i dTexas chun corráil an talaimh a mheas ná i mbunús reigiúin i Meiriceá agus dar leis na húdaráis go míníonn sin, go pointe, an ardlíon de chrith talún. 300 a tuairiscíodh ó thús na bliana cé go raibh go leor acu gan mhothú os cionn talaimh. Rud nach bhfuil ag cur roinnt de na pobail atá sa reigiúin, ceann de na reigiúin is mó scoilteadh hiodrálach (fracáil) sna Stáit Aontaithe. Tá na húdaráis ag diúltú, go dtí seo, aon cheangal a dhéanamh idir an scoilteadh hiodrálach (fracáil)  agus na critheanna talún ach tá lucht timpeallachta agus roinnt de na grúpaí pobail ann thar a bheith buartha go bhfuil leas lucht tionscála á chur chun tosaigh ar leas an phobail.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 16:03:56

Admin/login Comments RSS

ILBF