Tacaithe na Rúise i ndiaidh seilbh a ghabháil ar bheairic eile

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Seachas a bheith ag cúlú ó na foirgnimh poiblí atá faoina smacht tá tacaithe na Rúise in oirthear na hÚcráine i ndiaidh seilbh a ghabháil ar bheairic eile de chuid na péas ar maidin inniu. Thug an rialtas i gCív rabhaidh do na grúpaí atá i seilbh beairicí is foirgnimh poiblí in oirthear na tíre le roinnt blianta anuas bailiú leo nó go gcuirfí na péas is saighdiúirí isteach lena ndíbirt. Bhagair sé go gcuirfí saighdiúirí isteach ar 7.00 maidin inniu ach níor tharla faic agus lean na grúpaí seo ag gabháil foirgnimh poiblí, go háirithe thart ar bhaile Donetsk. Ní léir cén ról go díreach atá ag an Rúis ina bhfuil ag titim amach in Oirthear na hÚcráine ach bhagair an Rúis ‘impleachtaí tromchúiseacha’ dá dtabharfadh an Úcráine faoi ghníomh míleata chun tacaithe na Rúise a dhíbirt. Mhol an Rúis go mbeadh cruinniú eigeándála  ag na Náisiúin Aontaithe chun teacht ar chomhréiteach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:52:34

Admin/login Comments RSS

ILBF