Tá scuaideanna báis Siacha ag sleachtú daoine ón phobal Sunnaíoch san Iaráic – Amnesty

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le tuarascáil de chuid Amnesty Idirnáisiúnta ar ghnóthaí san Iaráic tá mílístigh de chuid na Siach ag sleachtú daoine ón phobal Sunnaíoch ina scórtha mar dhíoltas as fás is úafáis an Stáit Ioslamaigh. Deir údar na tuarascála, Donatella Rovera, go bhfuil na húdaráis i mBagdad le tamall maith ag ligean cead a gcinn leis na mílístigh atá freagrach as coireanna cogaidh agus deir siad gur ghá don rialtas nua ann gníomhú chun go dtabharfaí na ciontóirí os comhair cúirte.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive