Tá an t-arm i gcumhacht sa Téalainn ach ní ‘coup’ é

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Don dara uair le blianta beaga anuas tá an t-arm i ndiaidh dlí mhíleata a chur i bhfeidhm sa Téalainn. Ach tá siad ag séanadh gur ‘coup’ atá i gceist nó bheadh impleachtaí aige sin don caidreamh atá aige le Meiriceá. Bheadh ar Mheiriceá baint dá dtacaíocht do na húdaráis sa Téileann dá mba rud é gur ‘coup’ a thug chun cumhachta iad. Tá neamhsheasamhacht pholaitiúil sa Téalainn le blianta fada anois agus ceithre bhliain ó shin maraíodh na céadta i gcaismirtí idir iad siúd a thacaigh leis an ghluaiseacht dhearg agus an t-arm. An tseachtain seo caite riailigh Ard Chúirt na Téalainne go mba cheart do Yingluck Shinawatra, an Príomh Aire, éirí as oifig nó dar leo gur bhain sí mí-úsáid as an chumhacht a bhí aici.

Ní léir árbh é sin a spreag an t-arm chun cumhacht a ghabháil nó cé chomh fada áfach agus is rún don arm fanacht i gcumhacht. Ghabh arm na Téalainne cumhacht ar an tír 11 uair ó 1932. Ghabh saighdiúirí seilbh ar stáisiúin teilifís is raidió agus ar fhoirgneamh is ionaid tábhachtacha stáit agus eile in oibríocht chomhoirdnithe go luath ar maidin inniu. Bhain a ngníomh siar ó bhunús daoine nó ní raibh dréim leis. Dúirt ceannaire an airm, Prayuth Chan-Ocha, go mba cheart do pháirtithe polaitiúla dul i mbun cainteanna le go mbeadh síocháin i réim agus go dtiocfadh leis an arm dul ar ais chuig an gnáthról a bhíonn acu sa sochaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 23:45:29

Admin/login Comments RSS

ILBF