Tá an scríbhneoir Maya Angelou i ndiaidh a báis

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fuarthas marbh inniu sa bhaile an scríbhneoir Maya Angelou. Bhí sí in aois 86 bliain agus tinn le tamall de mhíonna anuas. Ba é a leabhar, ‘I Know Why The Caged Bird Sings’ a tharraing aird an domhain uirthi nuair a foilsíodh é in 1969 agus leis an leabhar sin agus leabhair eile thug sí léargas dúshlánach ar an saol a bhíonn ag bean dubh i Meiriceá, go háirithe i stáit deisceartacha a bhí naimhdeach roimh cheart sibhialta do dhaoine dubha. Gníomhaí ar son cearta sibhialta a ba í agus aithne maith aici ar Malcolm X, Martin Luther King agus go leor de cheannairí na gluaiseachta sin. Bhí sí ar na céad bean dubh i Meiriceá chun leabhar olldhíol a scríobh. In 1993 léigh sí an dán ‘On The Pulse of Morning’ ag insealbhú Bill Clinton. Feadh na 50 bliain a bhí sí ina scríbhneoir aitheanta scríobh sí úrscéalta, cnuasaigh filíochta, beathaisnéis, is aistí mar aon le scrípteanna do dhrámaí is cláir teilifíse.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 07:48:05

Admin/login Comments RSS

ILBF