Stádas 4 Gaelscoileanna láidrithe

nuacht, Sean-sleamhnán

Tá an tAire Oideachais John O’Dowd i ndiaidh “inmharthanacht caipitil” a fhógairt do 4 Gaelscoil sna Sé Chontae

Is iad na scoileanna a dheimhníodh le haghaidh inmharthanacht caipitil:

· Gaelscoil Léim an Mhadaidh, Léim an Mhadaidh
· Gaelscoil Eoghain, An Chorr Chríochach
· Gaelscoil na mBeann, Cill Chaoil
· Gaelscoil na Móna, Béal Feirste

Ag trácht ar an chinneadh, dúirt an tAire: “Le blianta beaga anuas tá méadú le feiceáil ar an éileamh ó thuismitheoirí go bhfaighfidh a gcuid páistí oiliúint trí mheán na Gaeilge. Tá sé seo suntasach ag am nuair a fheiceann muid titim ar fhoriomlán líon na bpáistí inár scoileanna.

“Tá áthas orm gur féidir liom a fhógairt anois stádas inmharthanacht caipitil do cheithre Gaelscoil eile, a bhfuil rath agus bláth orthu agus a chruthaigh gur scoileanna inmharthana, inbhuanaithe iad a bheidh anois mar chuid lárnach de eastát na scoileanna. Ba mhaith liom ómós a thabhairt do na múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí a d’oibrigh go crua leis na scoileanna seo a fhorbairt agus lena bhfás leanúnach a chinntiú.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive